Cé hé mise go dtabharfadh duine ar bith “sir” ná “Mister Ó Braonáin” orm?

An lá cheana chuaigh mé féin agus mo chol ceathrair ar ais chuig ceann de na suíomhanna a bhí críochnaithe againn le rudaí a ghlanadh agus an t-adhmad a bhí ann leis an gcoincréit a chur síos a bhaint amach agus é a thabhairt abhaile mar go raibh sí triomaithe agus réidh le carranna agus daoine a iompar.

Faoin am a bhí muid réidh, bhí an lá caite agus bhí turas réasúnta fada abhaile romhainn. Mar sin, an fhad agus a bhí mo chol ceathrair ag casadh an pick up thart agus ag seiceáil go raibh chuile shórt daingean sa gcaoi is nach dtitfeadh rud ar bith amach agus muid ar an mbóthar, rith mé féin trasna an bhóthair agus isteach ag Dunkin’ Donuts go bhfaigheadh mé dhá chaifé fhuara. (Bhí an lá damanta te).

Ar aon chuma, nuair a bhí an t-ordú tugtha, an t-airgead íoctha agus an tsóinseáil i mo sparán arís dúirt an cailín a bhí taobh thiar den chuntar “have a nice day, sir”. 

Thug mé freagra uirthi agus d’imigh mé liom leis an dá chaifé a fháil ón gcéad duine eile ach bhí an mothúchán aisteach seo i mo chliabhrach.

Cén cineál “sir” a bhí uirthi siúd? Ní haon “sir” mise! Shiúil mé amach as an siopa agus mearbhall orm gur tugadh “sir” orm. Ní airíonn mé gur “sir” mé.

Níl locht ar bith agam ar an gcailín mar ní raibh sí féin ach ag iarraidh a bheith múinte ach cheapfainn go mb’fhearr liom mura dtabharfaí teideal ar bith orm. Cé hé mise go dtabharfadh duine ar bith “sir” ná “Mister Ó Braonáin” orm?

Tharla an rud céanna nuair a fuair mé cuireadh labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais cúpla bliain ó shin. Bhí “Domhnall Ó Braonáin Uasal” scríofa ar chárta amuigh os mo chomhair. Nuair a chonaic mé é sin bhí mé ag rá liom féin “Cén chaoi a mbeadh a fhios acu sin an bhfuil mé uasal ná íseal? Níl mé uasal ná íseal, ní rud ar bith mé ach Domhnall”.

Sin é an fáth ar chuir mé suim sa rud sin a bhí le gabháil tríd an Dáil cúpla mí ó shin faoi rogha a thabhairt do dhaoine teideal a shéanadh. Tá an oiread sin céille leis, dar liomsa. Tugadh ainm dom nuair a baisteadh mé cén fáth nach n-úsáidfí é sin?

Níl an nós sin sa nGaeilge ar aon chuma. Is dóigh nach dtéann sé le mo nádúr rud ar bith breise a chur le hainm ar bith. Nuair a bhíonn mé sa mbaile is iad a gcéad ainmneacha a thabharfadh muid ar ár gcuid aintíní agus uncailí. Anseo i Meiriceá ní thabharfá ainm ar dhuine acu go brách ach Uncle seo nó Aunt siúd (sin “siúd” ní “Jude”. Níl aon Aintín Jude agam). 

Is dóigh má tá tú ag iarraidh aird a dhíriú ar dhuine ar leith agus gan a a fhios agat cén t-ainm atá orthu go bhfuil tairbhe leis an bhfocal “sir”, agus is ceann é a úsáideann mé féin go minic nuair a bhíonn mé ag caint le daoine níos sine ná mé nach bhfuil aithne mhaith agam orthu le faitíos go ngortóinn an bharúil atá ag duine ar bith de féin, ach ní caipín é a luíonn go compóirteach ar mo chloigeannsa.