Chuile shórt in ord is in eagar don seimeastar nua – cén fhad a mhairfidh sé?

Sin saoire coicíse thart anois. An bhfuil mé réidh le dul ar ais chuig mo chuid ranganna? Tá agus níl.

Mar atá a fhios ag duine ar bith a léann mo chuid alt níl mórán foighde agam leis na ranganna ar líne. Níl mórán caoi orthu ag tarraingt ná ag coinneáil airde, bíonn sé thar a bheith tuirsiúil a bheith ag tarraingt an eolais agus ag déanamh na dtionscnamh agus an obair baile uilig tríd an mbosca beag céanna agus bíonn sé rídheacair agam mé féin a ghríosú, agus an díocas sin a choinneáil, le mo chuid oibre uilig a dhéanamh nuair a bhíonn mé sa mbaile an t-am ar fad agus gan mé báite i dtimpeallacht oideachais agus oibre.

Ach fós féin, teastaíonn rud éicint le mé a tharraingt as an díomhaointeas. Cé go bhfuil céad iomaire na bliana réitithe agam in éineacht le mo dheartháir, leis an aimsir fhliuch gheimhriúil seo atá againn le tamaillín, agus a bheidh againn go ceann scaithimhín beag eile, diabhal mórán a d’fhéadfadh duine a dhéanamh taobh amuigh. Mar sin is dóigh go mbeidh údar éicint agam le mé féin a tharraingt amach as an leaba ar maidin as seo amach. 

Chríochnaigh mé podchraoladh Bhlindboy an tseachtain seo caite (sin trí bliana de chraoltaí seachtainiúla cloiste agam taobh istigh de phéire nó trí cinn de mhíonna dóibh siúd atá ag coinneáil cuntais) mar sin tá mé ar thóir podchraoladh eile le comhluadar a choinneáil liom. 

Cé go bhfuil mé ag coinneáil suas le thart ar shé cinn ag an am anois, ní bhíonn siad sin ann ach uair sa tseachtain nó uair sa gcoicís mar sin tá neart ama agam le ceann eile a thosú. Meastú an bhfuil fadhb agam?

Tháinig mo charr ar ais ón ngaráiste an tseachtain seo caite freisin. (Tháinig carr-onavirus uirthi. Nó b’fhéidir Corolla-virus?) Níl mé ag gabháil in áit ar bith ach is deas an rud í a fheiceáil suite amuigh ar an tsráid, cuan na Gaillimhe ag lonrú taobh thiar di agus Inis Oírr suite go deas ar a díon mar a bheadh coróin ar bhanríon. Ní raibh mo chárta bainc an-sásta liom agus anois tá faitíos orm a inseacht don chárta céanna gur gearr go mbeidh an dara leath de na costais ollscoile le n-íoc. 

Mar sin is dóigh gurb iod cineál tús nua. (Go sábhála Dia sinn, a Dhomhnaill, cédós hippie thú féin?) Cloigeann glan, modúil nua ag an scoil, chuile shórt in ord agus in eagar, meastú cén fhad a mhairfidh an dea-ghiúmar agus an dóchas seo?

Mar a deirim i gcónaí déanfaidh mé iarracht níos fearr an geábh seo ach tá a fhios agat féin chomh maith agus atá a fhios agamsa nach bhfanfaidh an long sin i bhfad ar a cúrsa. 

Ní theastaíonn ach spideoigín amháin ar leic na fuinneoige agus rang leadránach agus beidh m’intinn bailithe ar seachrán le mo chara beag an bhrollaigh dheirg.

Agus níl ganntanas spideog ná ranganna leadránacha thart anseo ar aon chuma. Le cúnamh Dé ní bheidh muid i bhfad eile ar an gcraic seo agus beidh muid in ann corr-lá a chaitheamh istigh ar an gcampas, fiú mar a bhfuil ann ach rang saotharlainne anseo agus ansiúd.