Chuir comhrá ar líne le Moslamach óg ag smaoineamh mé…

Nuair a bhíonn nóiméad le spáráil agam (agus faraor fiú nuair nach mbíonn nóiméad le spáráil agam, is oth liom a rá), seachas rud éicint fiúntach a dhéanamh is minic a tharraingíonn mé amach m’fhón le mo shúil a chaitheamh isteach ar Instagram nó ar Reddit le feiceáil céard atá á rá ag daoine.Ní théann mé ar Facebook mar tá sé sin gafa ag na máithreacha.

Is iontach an bealach é le ham a chur amú gan tada dá bharr ach a bheith ag treabhadh trí mhéim i ndiaidh méime i ndiaidh méime. Ní bhfaighinnse locht ar dhuine ar bith dá bharr. Teastaíonn scíth intinne anois is arís.

Ach cé chomh minic is a chuimhníonn muid ar na daoine a chuireann na méimeanna seo ar fáil dúinn? Tá sárshaoránaigh idirlíon amuigh ansin ag cur na méimeanna is fearr ar an idirlíon in aon áit amháin le gur féidir leatsa gáire ciúin a bheith agat asat féin idir dhá thréimhse ciúnais.

Chuir ceann de na leathanaigh méimeanna seo rud suas ar a scéal Instagram an lá cheana a tharraing freagra uaimse. Ní raibh súil agam le freagra ar ais ach mar sin féin chuir mé teachtaireacht chuig an gcréatúr agus gan a fhios agam ó Dhia anuas cé hiad féin. (Sula rachaidh mé ar aghaidh ba mhaith liom a rá go dtuigim an chontúirt a bhaineann le strainséaraí ar líne, a mhama…)

Ar aon chuma, fuair mé freagra ar ais uaidh agus as sin tháinig comhrá agus thosaigh an bheirt again ag cur aithne ar a chéile.

Tá an-spéis agam i saol fhir atá ar comhaois liom as tíortha agus as cultúir eile mar tugann sé samhail dom den chineál duine a bheadh ionam murar tógadh ar an Teach Mór Thiar mé. (Smaoinigh cédós freak a bheadh ionam dá mba ar an Teach Mór Thoir a tógadh mé.)

Ach th’éis dúinn labhairt ar feadh tamaill fuair mé amach gur Moslamach ocht mbliana déag d’aois é an fear seo, de mhianach na hAfganastáine ach a rugadh agus a tógadh san Ísiltír.

Mar dhuine óg creidmheach (níl mórán againn fágtha), chuir mé an-suim sa méid a bhí á rá aige. Is duine mé a bhfuil an-suim agam i gcreidimh dhifriúla an domhain agus mar sin thapaigh mé an deis ceisteanna a chur air faoin Ioslamachas agus bhí suim aige féin sa gCríostaíocht Chaitliceach ó tharla gur tógadh thart ar Phrotastúnaigh é féin.

Bhí cineál bráithreachais le n-aireachtáil eadrainn mar bheirt a leanann Dia Abrahám. Seachas a bheith in adharca a chéile faoi na difríochtaí idir ár gcuid creidimh, bhí comhrá deas againn bunaithe ar fhiosracht chairdiúil. 

Tá trí theanga aige. Fairsis na hAfganastáine, an Ísiltíris agus an Béarla. Bhí sé féin ag déanamh suntais den chaoi is nach bhfuil gaol ar bith ann idir an Ghaeilge agus a chuid teangacha féin.

Ach chuir an comhrá sin ag smaoineamh mé. Tá mé féin ciontach, mar atá go leor Críostaithe eile déarfainn, de bheith ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Chríostaithe eile as eaglaisí nó codanna difriúla de phobal Íosa.

Muid seasta síoraí ag iarraidh a bheith ag maíomh gur muid féin na Críostaithe cearta. Ach má tá mise in ann a bheith sibhialta le fear as creideamh iomlán eile agus tuiscint a fháil ar an dá bhealach dhifriúla a fheiceann muide ár nDia, cén fáth nach dtugann mé an meas céanna sin do na daoine a chreideann i mac an Dé sin ar bhealaí atá difriúil liomsa.

Beidh mé ag obair le Protastúnaigh an samhradh seo i Meiriceá, mo mhuintir ar chuid acu, agus mar sin, sin é an dúshlán a bheidh romham; an tsáraíocht a chur ar leath taobh agus comhrá deas a bheith againn faoin gcreideamh.