COMÓRTAS: Cóip den leabhar cócaireachta Dingle Dinners le buachan

Tá duais eile againn as Corca Dhuibhne daoibh an tseachtain seo – cóip den leabhar a luaigh Sláine Ní Chathalláin ina halt faoi bhronntanais as Gaeltacht Chiarraí Dingle Dinners leis an gcócaire Trevis Gleason atá ina chónaí sa cheantar le fada an lá. Anuas air sin tá cóip dá leabhar eile Burren Dinners le bronnadh againn ar dhuine dár léitheoirí freisin.

Tá an comórtas oscailte dár leantóirí ar na meáin shóisialta agus níl le déanamh agat ach a rá linn cén sórt bia a bheidh ar an mbord agat Lá Nollag agus clib a chur ar chara leat ann.

Ar Twitter: Déan athghiolc le trácht (quote-tweet) ar an nglioc seo, abair linn céard a bheidh ar do bhord Lá Nollag agus cuir clib ar chara leat ann.

Ar Instagram: Tabhair croí don phictiúr seo, abair linn sna tráchtanna céard a bheidh ar do bhord Lá Nollag agus cuir clib ar chara leat ann.

View this post on Instagram

A post shared by NÓS (@nosmag)

Ar Facebook: Tabhair ordóg don phostáil seo, abair linn sna tráchtanna céard a bheidh ar do bhord Lá Nollag agus cuir clib ar chara leat ann.