COMÓRTAS: Fleasc an Fhómhair ó ‘Déan Féin É’ le buachan

Thug Niamh Ní Shúilleabháin, ó ‘Déan Féin É’, treoracha dúinn an mhí seo caite cén chaoi fleasc fómhair a dhéanamh as caora péine agus rudaí eile atá le fáil amuigh faoin aer an tráth seo bliana.

Má thug tú grá do chroí d’fhleasc álainn Néimhe, ach bhí tú róléisciúil ceann a dhéanamh duit féin, ná bíodh lá imní ort: tá ceann galánta cruthaithe aici le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí!

Is féidir cur isteach ar an gcomórtas ar Twitter, Instagram, agus Facebook.


Ar Twitter: Déan athghiolc le trácht (quote-tweet) ar an ngiolc seo, cuir clib ar chara leat ann, agus abair linn cén fhéile ársa Ghaelach a bheidh á ceiliúradh ag deireadh na míosa seo.

Ar Instagram: Tabhair croí don phictiúr seo, lean @dean_feine, cuir clib ar chara leat sna tráchtanna, agus abair linn cén fhéile ársa Ghaelach a bheidh á ceiliúradh ag deireadh na míosa seo.

https://www.instagram.com/p/CGPqXaMHe-i/?utm_source=ig_web_copy_link


Ar Facebook: Tabhair ordóg don phostáil seo, cuir clib ar chara leat sna tráchtanna, agus abair linn cén fhéile ársa Ghaelach a bheidh á ceiliúradh ag deireadh na míosa seo.

An cuimhin libh an fhleasc álainn ó cholún 'Déan Féin É' cúpla seachtain ó shin? Tá fleasc ghalánta nua déanta ag Niamh agus í againn le bronnadh ar dhuine dár léitheoirí. Sonraí an chomórtais san alt!

Posted by NÓS on Dé Luain 12 Deireadh Fómhair 2020