Cothrom an ama seo anuraidh ag an mBeer Tent a bhí muid


Cothrom an ama seo anuraidh, bhí scrúduithe Nollag na chéad bhliana díreach críochnaithe agam. Scrúdú Gaeilge an ceann deireanach a bhí agam; chuaigh mé ar an mbus chuig an gcoláiste, mo chuid nótaí á staidéar agam agus mé réitithe cheana féin le dul amach ina dhiaidh. 

Bhí cara liom ar an mbus céanna nár thosaigh ag staidéar go ndeachaigh sé ar an mbus. Bhí níos mó suime agam féin agus ag an ngroupchat a bheith ag pleanáil na hoíche. Ón áit ar cuireadh i mo shuí mé sa halla scrúdaithe, bhí amharc agam ar bheár an choláiste agus is chuig an mbeár céanna a chuaigh mé féin a luaithe agus a bhí mo pháipéar sínte isteach i lámha an fheitheora agam. 

I mbliana nuair a chríochnóidh mé na scrúdaithe céanna is chuig an gcistin a bheidh mé ag dul, áit a gheobhaidh mé cupán deas tae agus, má bhíonn an t-ádh liom, pióg mhionra. 

Ag an mBeer Tent a chuaigh muid ar dtús, nó le bheith go hiomlán ionraic faoi, an scuaine taobh amuigh den Bheer Tent. Má bhí cor ar bith sa scuaine is cinnte go mba dhaoine a bhí ag fágáil an scuaine ba chúis leis, mar ní raibh ag éirí le duine ar bith a dhul isteach san áit. 

Sheas muid féin isteach sa scuaine chéanna, í breá fada agus daoine brúite suas sa mullach ar a chéile, ag seasamh cois ar chéile agus ag scipeáil thar a chéile ag iarraidh dhul chomh fada le ceann na scuaine. 

Ní raibh aon chaint ar scaradh shóisialta an uair sin dar ndóigh. Fuar, fluich agus ag éirí mífhoighdeach, sheas muid ansin ar feadh leathuaire. 

D’fhág beirt le dhul chuig Supermacs ar an taobh eile den tsráid, faoin am a dtáinig siad ar ais agus cúpla mála chips an duine acu, ní raibh de dhifríocht sa scuaine ach go raibh sí th’éis éirí i bhfad níos faide, agus muide fós san áit cheannann céanna. 

Níorbh fhada ina dhiaidh sin sular chaith muid in aer é – d’imigh muid linn agus bhog an scuaine taobh thiar dúinn leis an spás a bhí fágtha inár dhiaidh a líonadh arís. Cé go ndeachaigh muid ag cúpla beár éagsúil san oíche, sin é an chuid is mó a sheasann amach. Muid uilig ansin, ag caint agus ag argóint faoi chuile shórt; na scrúduithe, na léachtóirí, cá rachaidh muid ina dhiaidh sin. Ag cur rudaí trína chéile agus á gcur ina cheart arís.

Ghlaoigh mé ar chara liom i ndiaidh scrúdú an lae inniu. Tá an bheirt againn inár gcónaí sa mbaile, agus ag staidéar na rudaí céanna. Ba é an chéad uair agam é a bheith ag caint léi ó mhí Mheán Fómhair agus chaith muid an chuid is mó den am ag clabhsán. 

Tá trí mhí caite againn ag déanamh staidéir ar théacsanna nach bhfeicfidh muid arís go brách, le léachtóirí nár casadh ariamh orainn, agus ní raibh muid fiú in ann dul ag an gcaifé ina dhiaidh.  

Rinne an bheirt againn neart tabhairt amach faoin scrúdú, céard a tháinig aníos ar an bpáipéar agus céard nár tháinig, chuile rud beo a chuaigh mícheart, ag maíomh as na rudaí a fuair muid ceart, agus ag gáire faoi na botúin amaideacha a rinne muid. 

Is cinnte go mbeidh an dream sa mbaile breá sásta go ndearna mé an méid sin; tá siad tinn tuirseach ag éisteacht liomsa ag cur díom. D’aireofá uait é fiú a bheith in ann breathnú thimpeall ort; go bhfeicfeadh duine thú agus cuma chaillte ort, go gcuirfidís strainc orthu féin agus go mbeadh a fhios agat uaidh sin go rabhadar sa mbád céanna leat.

Sa mbaile níl ann ach an ríomhaire, na ballaí gorma taobh thiar de, agus fear béal dorais liom a bhfuil sé de nós aige glaoch an-tábhachtach a dhéanamh agus mise i lár scrúdaithe.