10 moladh coiscín d’Oireachtas na Samhna!
Bainigí sult slán as féile mhór na nGael

Tá Oireachtas na Samhna ag druidim linn, tá na hoícheanta ag iarraidh níos faide agus níos fuaire agus tá leithscéal maith ann le tine mhaith gheimhridh a chur síos, agus oícheanta fada collaíochta a dhéanamh ar an bhrat cois teallaigh ag éisteacht le Barry White.

Sin ráite, is dócha gur mó an seans go gcasfar fear breá Gaelach nó spéirbhean na teanga ort in Óstán an Citywest an deireadh seachtaine seo agus go mbeidh collaíocht ghasta agaibh i gcúlseomra le glór sexyáilte Mháirtín Tom Sheáinín agus Comórtas Chorn Uí Riada ar siúl agaibh ar RnaG – bhuel is é buaicphointe an Oireachtais é, nach ea?!

Níl mórán rudaí níos gnéasúla ná Gael eile a tharraingt agus úsáid cheart a bhaint as do theanga, a dteanga siúd agus ár dteanga féin ar fad ag an am céanna.

Bíonn sé níos teo fós nuair a bhíonn canúint aduain éigin ag do chéile nua, canúint atá i bhfad ar shiúl ó do bhlas féin… tarraingt na héagsúlachta!

Cibé duine a chasfaidh ort agus cibé áit a mbuaileann sibh craiceann, níl aon rud níos tábhachtaí ná bheith slán sábháilte agus tú i mbun spraoi.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil hata de dhíth ar do/a bhata.

Coiscín, clúidín don bhoidín… pé rud a thugann tú air, tá roinnt taighde déanta agam daoibh le cinntiú go mbainifidh sibh an-sult agus an-phléisiúr as Oireachtas na Samhna.

Anois, ba chóir dom a rá gur fuath liom coiscíní – is fuath linn uile iad is dócha – ach is gá aire a thabhairt don bheirt agaibh mar níor mhaith le duine ar bith againn bronntanas luath Nollag!

(Tá tuilleadh babaithe Gaelacha ag teastáil uainn go cinnte ach is fearr i bhfad pleanáil chuige sin seachas é a shocrú díreach ag an Oireachtas!)

Cad iad na roghanna coiscíní mar sin atá ar fáil amuigh ansin do na Gaeil ghnéasacha?

Dar liom go bhfuil 10 sórt éagsúla ann gur chóir bheith sa phóca agat.


1. Blas na Gaeltachta

blas-gaeltachta

Ó tharla gur ag caint ar an Oireachtas atá muid, is fiú go mór tosú le tobar na teanga féin.

Bíonn blas ar an bheagán, deirtear, agus is aoibhinn linn uile blas deas Gaelach.

Leis an cheann seo tá do rogha canúna agat chomh maith… sú talún, piña colada, seacláid, do chomhairle féin!


2. An Tuar Ceatha

daite

Mar a deir Skittles, ‘Taste the Rainbow’.

Seo na cinn daite gur féidir bheith ar an dath céanna le do ghúna a chailiní, nó cad é faoi dhath glas na nGael?

Leis sin ort bheadh do bhodach beag ag seasamh (ahem) an fhóid ar son na cuise.


3. An Laoch Láidir (Extra Strong)

laoch-laidir

Ní aon saighdiúir tréigthe é an fear seo, deartha le bheith breá láidir, is féidir brath air i gcónaí agus tabharfaidh sé aire mhaith duit.

Sin ráite, is féidir leis bheith rud beag leadránach i gcomparáid leis na roghanna eile anseo.


4. Chomh Caol le Cú (Ultra Thin)

caol

Ní gá don fhear beag seo bheith ag cuntas na calories, iontach tanaí, le níos mó le mothú, what’s not to love?


5. An Maide Mall (Desensitising)

maide-mall

Ceann maith má éiríonn tú tógtha go héasca, rud atá in ann tarlú agus an oiread sin Gael álainn timpeall ag Oireachtas na Samhna!

Cuirfidh an fear seo na coscáin ort agus beidh tú ag marcaíocht go maidin, nó go tús an chomórtais Lúibíní más mian libh.


6. Mothú Meidhreach (Tingle)

drithlin

Bíonn an lámh in uachtar ag na Gaeil i gcónaí, agus tá uachtar breise taobh istigh agus taobh amuigh den choiscín seo a chuirfidh drithlíní beaga idir na cosa ag an bheirt agaibh.

Is mothú mealltach é agus is fiú na cinn seo a thriail.


7. An Slat Sofheicthe

lonrach

An cluiche is fearr a d’imir mé i seomra uimhir 69 sa Gleneagle i gCill Airne anuraidh, cé gur cluiche measartha furasta a bhí ann caithfidh mé a admháil!

Coiscín lonrach breá feiceálach é seo ar a dtiocfaidh an bhean gan stró, fiú i ndorchadas na hoíche… féach air sin leaids!


8. Na Beanna Boirche

poncanna

Is glas iad na cnoic i bhfad uainn agus tá na cnapáin bheaga chliste seo an-ghar don bheirt agaibh!

Tá poncanna ar an choiscín seo a chabhróidh le do chara beag sásamh ceart a thabhairt do do bhean… bainfidh sí an-sult astu seo!


9. Ar an Sean-Nós

sean-nos

Mura bhfuil aon cheann de na cinn thuas luaite agaibh, is féidir i gcónaí titim siar an an ghnáth-choiscín.

Cosúil le seanleaid traidisiúnta, seasmhach agus righin… tá súil agam!


10. An Cabaret Craiceáilte

cabaret-craiceailte

Ní coiscín é seo ach gléas beag a chuirfidh an bheirt agaibh ar crith, go fírinneach.

Fainne fí atá ann agus beidh ort á úsáid i gcomhpháirt le ceann de na fir eile seo thuas – ménage à trois mar sin tar éis an Chabaret eile sa Citywest oíche Aoine?


Sin iad mo roghanna!

Le cairde mar seo i do phóca, nó i do mhála a chailíní, is scéal cinnte é go mbeidh céim bhreise i do Steip i mbliana.

Bainigí sult, fánaigí slán sábháilte agus feicfidh mé ann sibh 😉

Hup Screachaí!