Béalghrá agus Bealadh
moltaí breátha collaíochta, leis an Chailín sa Chathair!

Is minic fir ag dul i múinín an phiolla bhig ghoirm, nó “Viagra” mar a thugtar air, le fad a chur lena seal i mbun cúrsaí suirí sa leaba.

Táthar ann a d’fhoghlaim cleas beag thar na blianta a choinníonn iad ag dul ar feadh breis bomaití bríomhara.

Bíonn fir eile i mbun samhlaíochta faoi éacht spóirt éigin nár tharla, agus na focail “is mór an onóir dom an corn seo a thógáil” á rá acu arís agus arís.

Roinnt eile, bíonn siad ag tarraingt ar bhíobla an Karma Sutra.

Ach cad faoi na fir a mbíonn an deacracht eile acu agus a mhaireann ró-fhada sa leaba?

Sea, tá sé deacair a chreidbheáil gur fadhb a bheadh ansin.

Bheadh tromlach na bhfear ag guí chun na bhflaitheas lena leithéid d’fhadhb a bheith acu ach sin nós an duine, is glas iad na cnoic i bhfad uainn i gcónaí.

Sin ráite, ní dóigh liom gurb iad na fir iad féin a bheadh ag gearán, ach an duine bocht a bhíonn sa leaba leo, is gá dúinn smaoineamh orthu go mall san oíche, agus iad scriosta tuirseach ag súil le hoíche mhaith chodalta agus an fear seo ag treabhadh leis gan stad gan staonadh!

Do na creatúir bhochta sin, rith sé liom cúpla moladh a thabhairt dóibh ar an dóigh is fearr le plé lena leithéid.

An chéad rud a dhéarfainn ná bain úsáid as leacht, leacht agus tuilleadh leachta.

Is cuma cé chomh tógtha agus a bhíonn tú, is annamh tobar nach dtéann i ndísc.

Seachain an tsíorchuimilt le dáileog mhaith bealaidh.

Is maith an margadh é mar go ndéanann sé do chraiceann i bhfad níos boige chomh maith.

Is féidir roinnt mhaith cineálacha éagsúla a fháil mar sin de is fiú cúpla ceann a thriail go bhfeicfidh sibh cé acu a oibríonn daoibh féin.

Ní gá gur rud strusmhar é seo, díreach sult a bhaint as an am a chaitheamh ag súgradh thart le chéile le roinnt leachtanna éagsúla.

Pléisiúrtha go mór mar thráthnóna, dar liom.

Maireann na cinn a bhfuil sileacón iontu níos faide ach ní mhothaíonn siad chomh fliuch céanna leis na cinn atá bunaithe ar uisce.

Seans gurbh fhearr libh na cinn uisciúla a chur oraibh féin níos minice leis an mhothú is fearr a fháil.

An dara moladh a bheadh agam ná neart béalghrá don bhean, is féidir stopadh i lár báire, sos a thabhairt di le teanga mhilis mhín a chur thart uirthi idir a dhá cos.

Cuideoidh sé léi an fonn a choinneáil agus tabharfaidh sé sos tábhachtach don chraiceann soghortaithe roimh an chéad bhabhta eile.

Ar ndóigh, ní gá moladh a haon agus a dó a dhéanamh scartha óna chéile, is féidir bealadh a fháil a mbíonn blasanna difriúla air agus chuige sin, cén fáth nach rachfá idir an dá rud agus póga binne a thabhairt dá chéile le blas sú talún, anann nó pina colada go fiú!

An rud is tábhachtaí is dóigh liom ná scíth a ligint, má bhíonn tú buartha agus teannas ann, cuirfidh sé isteach ar an intinn agus mairfidh an chollaíocht dhá uair níos faide dá dheasca…tóg anáil agus déan scíste…áááááááá.

Tá fear an chailín seo an-chliste, tugann sé suaitheadh deas dom, ag déanamh cinnte go bhfuil mé go hiomlán ar mo shuaimhneas roimh ré agus away linn.

Cuidíonn na ranganna ióga chomh maith…anois cá bhfuil an mata ióga sin? 😉