Céile ionaid…
Ó chlónáil boid go babóga collaíochta


Tá an fear reatha ag dul thar sáile go ceann míosa.

“Cad a dhéanfaidh mé gan do bhod?” arsa mise agus frustrachas ag teacht orm fiú ag smaoineadh faoina bheith fágtha ar an trá fholamh gan a bhod galánta Gaelach.

“Is trua nach dtig liom tú a chlónáil,” a dúirt mé le gáire.

D’fhan an smaoineamh sin liom agus mé ar ais sa bhaile.

Rith sé liom go bhfaca mé rud éigin ar líne tamall ó shin faoi ‘Clone a Willy’.

Fuair mé amach gur féidir fearas múnla a cheannach agus leagan sileacóin de do bhod, nó bod do bhuachalla, a dhéanamh sa bhaile.

Suimiúil, a deir sibh.

clonail-bod

I ndiaidh giota beag taighde air sin, agus breathnú ar chúpla físean, chuaigh mé ar seachrán ag amharc ar na cineálacha éagsúla bréagáin atá ar fáil do na fir féin.

Bhí na gnáthrudaí ann – uibheacha, sleeves agus fleshlights, go dtiocfadh le fir úsáid orthu féin (déan google orthu seo muna bhfuil tú cinnte cad atá i gceist) – ach i measc na rudaí seo uilig, bhí ‘spéirbhean álainn’ ann, í ina suí le leathchos in airde.

Cérbh í?

Helen na Traí, nó duine de naoi mná deasa Parnassus mar a ndearnadh trácht orthu in Úrchill an Chréagáin?

Níorbh í, ach babóg collaíochta déanta den chraiceann ‘plush’ (ní plaisteach), díreach ar nós Teidí Beag Álainn.

Akiko ab ainm di, bean as an tSín nó a leithéid d’áit, mail order bride ceart atá inti seo; 4 troighe ar airde, bog agus gruaig fhada go tóin aici, ach creepy-áilte go leor.

Ní hamháin go dtiocfadh leat í féin a cheannach ar €550, bheadh do rogha ann de bhean atá níos airde, Tina ar €850, nó más fearr leat bean le cíocha níos lú, dhéanfadh Daphne, Lauren nó Mai Ling cúis duitse.

Tá rogha ann leis an chineál gruaige (idir an dá chos) nó gan ghruaig ar bith acu, le ladhra do na fir a bhfuil dúil sna cosa acu nó gan ladhra ar an ghnáthleagan.

Tá fiú leagán anime agus vaimpír ann!

Agus tá rogha agus togha gach mná agat, mar dhea, leis an Deluxe Teddy Babe Plush Sex Doll.

babog-gneis-1

Anois, tá a fhios agam cad é atá tú ag smaoineamh… agus sea, is féidir collaíocht a dhéanamh leis na babóga seo, fiú lena gcraiceann bog clúmhach!

Murab ionann agus fíorbhean, ar ndóigh, níl agat ach rogha amháin agus í a bheith agat sa sean-stíl mar níl poll tóna ná béal aici.

Ní féidir í a thabhairt isteach san fholcadán ná sa chith leat ach oiread.

Nuair a éiríonn an boladh ró-olc, is é atá le déanamh ná í a wipeáil síos le héadach fliúch agus rud beag sobail más gá… yuk.

Ach leaids, ná bí sprionlaithe le do bhean úr, is féidir éadaí agus bréagfholtanna a cheannach do do ghrá geal, agus fiú brógaí agus cultacha deasa.

D’fhéadfadh sí bheith ina banalta, striapach, nó maighdean Fhrancach dá mba mhian léi, agus má éiríonn tú tinn tuirseach de na siní ‘plush’, is féidir cinn rubair a fháil gur féidir diúl agus li orthu ar €17 go lá Philib an Chleite.

Anois, seans go bhfuil cuid de na sonraí seo ag cur isteach ar chuid agaibh, seans go bhfuil dúil ag cuid eile agaibh iontu… is iomaí cineál ar an chruinne seo!

Mar eolas, ní dóigh liom go bhfaighfidh m’fhear féin babóg mar seo am ar bith feasta, fiú agus é ag dul ar saoire, ach ag filleadh ar an suíomh Clone-A-Willy úd… nach iontach an rud é ach gur féidir do phit a chlónáil chomh maith!

Cad é do bharúil ach go bhfuil an bheirt sa phost agam 😉