Comhráite collaíochta ar líne…
Treoracha ón Chailín sa Chathair

Mar bhean shingil atá ag cuartú collaíochta seachas caidrimh, ní bhíonn sé i gcónaí furasta bualadh le fir.

An chuid is mó de dhaoine téann siad ar Tinder nó ar shuíomhanna eile cleamhnais ach is dírithe ar chaidrimh atá siad sin dáiríre, mar sin cad iad na roghanna eile atá ar fáil?

Bhuel chinn mé triail a bhaint as dul isteach sna seomraí cainte sin ina bpléann daoine cúrsaí gnéis agus ábhair eile den chineál sin.

Roghnaigh mé nom de plume dom féin – ní ‘An Cailín sa Chathair’ a bhí ann dála an scéil! – ar shuíomh Éireannach agus chuaigh mé i mbun cainte le fir na hÉireann ar líne.

Láithreach bonn agus mé logáilte isteach bhí teachtaireachtaí ag teacht chugam ó 20-30 fear éagsúil, agus iad ag teacht chomh gasta sin nach raibh mé fiú ábalta coinneáil suas leo!

Cuid acu níor bhac mé leo ar chor ar bith, daoine ar nós ‘Daidí Mór’ agus ‘Seanfhear ar thóir Cailín Óig’, ach bhí duine ann le gnáthainm agus seachas an chéad teachtaireacht uaidh a bheith “An bhfuil tú fliuch?”, ba é an chéad rud a scríobh sé ná “bhuel, cad é mar atá tú?” (i mBéarla ar ndóigh), rud a mheall mé le scríobh ar ais chuige.

Tharla sé nach raibh sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath ach thuas sa tír mar sin de bhí mé sábháilte go leor nach mbeadh sé ag iarraidh bualadh liom go luath.

Thosaigh muid ag caint agus, aisteach go leor, labhair muid ar neart rudaí; an aimsir, fostaíocht, polaitíocht, agus ábhair eile nach iad.

Caithfidh mé a rá go raibh iontas orm cé chomh furasta is a bhí sé bheith ionraic le duine nár bhuail tú riamh leis.

Bhí sonraí áirithe nár inis mé dó, ar ndóigh, ar nós fíorainm s’agam agus áit chónaithe agus oibre srl. ach sin ráite, d’inis mé rudaí dó nach bhféadfainn insint d’fhear ag tús caidrimh.

I ndiaidh uair an chloig nó mar sin den gnáthchaint, bhí mé ag éirí dubh dóite de na teachtaireachtaí eile a bhí ag teacht chugam ó na fir is randamaí ar domhan – bhí cuid mhaith acu pósta fosta – mar sin thug mé mo chuid sonraí Kik dó agus lean an comhrá ar aghaidh ansin.

leaba-tusa

Níl mé ag dul a shéanadh, ní comhrá amháin a chuaigh eadrainn ach cúpla pic agus físean chomh maith agus bhí cibear-chollaíocht den scoth againn lena chéile gan srianta ar bith ach muid ábalta labhairt ar na smaointe ba dhorcha a bhí againn gan a bheith buartha faoi dhearcadh an duine eile.

Bhí sásamh nach beag ag baint leis agus iomlán saoirse agam mo rogha ruda a rá agus a dhéanamh…

Níl plean ar bith agam bualadh leis, agus is dócha nach mbuailfidh choíche, ach nuair a bhí dáta agam oíche Dé hAoine, mhothaigh mé nach raibh an oiread brú orm mar nuair a d’fhill mé abhaile bhí teachtaireacht ar mo Kik ag fiafraí díom cad é mar a chuaigh an coinne.

Agus an rud nach bhfuair mé ón fhear nua, fuair mé sin agus tuilleadh ó mo chara Kik.

Is fiú á thriail: gabh ar líne, cum ainm duit féin agus abair/déan do rogha ruda.

Tá sé sábháilte a fhad is go mbíonn tú ciallmhar agus muna dtugann tú an iomarca sonraí amach.

Agus murab ionann agus ag bualadh le duine nua, níl infhéistíocht airgid ar bith ann seachas íoc as do chuid wifi!

Bainigí sult!