Fir Ghaeltachta V Fir Ghalltachta
Cé acu is blasta?

An bhfuil fir na Gaeltachta níos blasta ná fir na Galltachta?

Seo ceist atá ag cur isteach orm le tamall de bhlianta anuas.

Is iomaí bod ar bhain mé blas as, cuid acu binn, milis agus cuid acu chomh bréan le breac mífholláin.

Go ginearálta, ní miste liom an blas féin, ar ndóigh bíonn sé ag brath ar a bhfuil ite lá nó dhó roimhe.

Ní bhím ag súil go mbíonn bláthanna labhandair á gcoinneáil idir an dá chos agaibh ach leaids seo moladh beag: fanaigí ar shiúl ó na curaithe agus an cabáiste má tá an seans ar bith an bod bheith amuigh.

Is as an Ghalltacht fear s’agam ar an drochuair agus in ainneoin go bhfuil Gaeilge bhinn bhlasta aige, níl a bhod chomh blasta céanna.

An créatúr, déanann sé iarracht, ólann sé neart uisce, itheann sé neart rudaí milse agus coinníonn sé é féin breá aclaí, fair plé dó, ach is cuma céard a dhéanann sé, tá a chuid sú níos cóngaraí do thaos a chuirfeá ar pháipéar balla.

Ó am go chéile, nuair a bhím ag cogaint air, bím á bhlaiseadh i bhfad ina dhiaidh sin.

banana-cailin

Is minic mé ag meabhrú cé acu an mbeadh fear Gaeltachta mórán níos blasta, cuir i gcás fir láidre Chonamara, amuigh ag iascaireacht ar bharr na farraige, nó fir mhóra Dhún na nGall agus iad ag ól Football Special agus ag ithe a lán prátaí úra.

Ná dearmadaimis rides na Rinne agus iad ag ullmhú do chomórtas na bhfear d’Oireachtas na Samhna.

Cén sórt blas a bheadh orthu siúd?

Ní blas amháin atá tábhachtach ar ndóighe ach an mothú agus an chuma atá air freisin.

Anois go ginearálta, ní miste liom sú na bhfear.

Is maith liom é ar m’aghaidh, ar mo chíocha, ar mo thóin agus nuair a bhíonn fonn maith orm ar bharr mo theanga chomh maith.

Ach nuair a bhaineann tú an stad amach go bhfuil tú á shlogadh siar go gasta ionas nach mbuaileann sé do bhlaslóga nó go gcaitheann tú seile mar a bheadh an Trevi Fountain ionat, is ansin a bhíonn a fhios agat go bhfuil fadhb agaibh.

Go deimhin ní na fir amháin a chaithfidh a bheith airdeallach faoi na cúrsaí seo agus bíonn mná ann a bhíonn buartha faoin bhlas agus boladh atá orthu féin chomh maith.

Ach ab é gur dúradh liom minic go leor, “Ó a Dhia, nach tú atá blasta” agus “Mo bhia, mo bhia, beidh mé beo go deo ort”, bheinn féin buartha chomh maith.

Ceist shuimiúil í.

An é go mbíonn blas áirithe ar mhná agus ar fhir éagsúla, nó an mbainfeá sult as eas na sióg ar aon nós agus dúil a bheith agat sa duine is tú a bheith meallta chucu?

Ardaíonn sin cheis eile: an ionann drochbhlas agus nach bhfuil an oiread sin dúile agat sa duine? Nó nach bhfuil sibh comhoiriúnach ar chúis éigin?

cooking

An cúis scarúna é?

Níl a fhios agam an dtiocfadh liom mo shaol ar fad a chaitheamh ag slogadh siar sú searbh an fhir seo.

“Níl sé chomh holc sin uilig”, a dúirt sé liom oíche amháin agus é ar cuairt agam, “lig dom theacht i do bhéal arís, níl sé cothrom!”

“An bhfuil a fhios agat an rud nach bhfuil cothrom?” arsa mise leis.

“Ar a laghad nuair atá tusa ag eas na sióg, ní bhíonn ort gach uile rud a shlogadh siar, agus ní bhíonn sé chomh tiubh céanna ná chomh greamaitheach ach oiread.

“Ba chóir duit triall a bhaint as do phórtar féin sula n-iarrann tú orm féin á ól.”

“Dhéanfainn sin agus fáilte dá mbeinn ábalta,” a dúirt sé.

Chomh luath is a tháinig an abairt amach as a bhéal, thuig mé gurbh fhearr leis a chuid focal a alpadh siar sula slogfadh sé a shú féin ach choinnigh mé cuimhne orthu go dtí an tseachtain ina dhiaidh.

lar

Bhí sé ceangailte ag an leaba agam, mise ar a bharr, ag dul liom mar a bheinn ag an chomórtas treabhadóireachta agus an chéad duais romham amach.

“Moilligh síos,” a d’impigh sé, “nó tiocfaidh mé gan mhoill”.

“Ó tiocfaidh,” a dúirt mise le miongháire ar mo bhéal, “agus nuair a thiocfaidh tú, suífidh mé ar d’aghaidh agus ansin beidh deis agat do shú álainn a shú amach asam féin.”

Do bharúil an raibh sé in ann stop a chur leis an sruth, a léitheoir uasail?

Bhuel, cuirfidh mé mar seo é, is binn béal ina thost, bíonn blas ar an bheagán, ach tuigeann Tadhg Taidhgín anois 😉