Músclaígí ar maidin a chailíní… le súnás!


Bíonn deacracht ag go leor againn dúiseacht ar maidin ach tá comhlacht amháin i Sasana tar éis theacht ar bhealach nuálach do mhná chun tús sultmhar a chur leis an lá.

An bealach atá aimsithe acu ná clog aláraim a nascadh le bréagán gnéis a ligeann amach creathanna pléisiúrtha in ionad fuaimeanna callánacha.

Seoladh an ‘Little Rooster’ anuraidh agus bhí an t-éileamh ar an ghléas chomh mór sin go bhfuil an stoc ar fad rite.

Tá súil ag an chomhlacht go mbeidh sé ar fáil arís faoi dheireadh na míosa seo chugainn.

little-rooster-2

Ar díol, glic go leor, ar chostas £69 (€80), caitheann mná an Little Rooster ina n-éadaí cnis agus iad ag dul a luí.

Socraíonn siad an t-am ba mhaith leo éirí agus ansin ar maidin critheann an gléas beag chun iad a mhúscailt go taitneamhach as a suan.

Tá 27 socrú ag an Little Rooster – atá ciúin den chuid is mó ach atá in ann bheith ard más gá – agus tá fiú cnaipe suain ann.

Agus ná bígí buartha a fheara, tá an comhlacht taobh thiar den Choileach Bheag ag obair ar ghléas a chabhróidh libhse, eh, éirí ar maidin chomh maith!

Tuilleadh eolais ar littleroosterstore.com