Níl aon tóin thinn
mar do thóin thinn féin.

Níl a fhios ag duine ar bith cá bhfuil an bhróg ag teannadh ar dhaoine eile nó cad é atá ar siúl i saol daoine eile.

Rith sé sin liom ar na mallaibh agus mé sa leaba ag baint triail as giota BDSM (Cuibhriú, Smachtú, Géilleadh agus Masacas, nó CSGM).

Ní raibh mórán plé déanta againn air roimh ré, ach amháin go raibh muid ag iarraidh rud éigin difriúil a thriall agus giota spraoi a bheith againn.

Ach bhí sé aontaithe againn gurbh eisean a bheadh i gceannas i dtús báire.

Agus an fear é féin do mo cheangal leis an leaba, thosaigh mé ag éirí buartha agus chuir mé ceist air, “Cad é an focal sábháilte?”

D’amharc sé orm ar feadh soicind, rinne sé gáire beag agus ar sé, “Stad?”

Bhris an gáire ar an bheirt againn agus chuidigh sé linn scaoileadh leis an teannas.

Ach nach aisteach gur “dearg” agus “oráiste” agus focail mar sin atá in úsáid ag lucht CSGM seachas an focal beag simplí, ‘stad’?

An chéad mholadh a bheadh agam má bhíonn tú ag baint triail as CSGM ná rud beag taighde a dhéanamh roimh ré agus an t-ábhar ceart a cheannach.

Hands in Chains

Is cinneadh ar an toirt a bhí i gceist linne, rud a chiallaíonn go raibh mé ceangailte ag an rud is cóngaraí in aice láimhe, is é sin seanriteoga (a bhí glan ar a laghad).

Rud maith faoi sin ná gur chuma liom iad a bheith stróicthe nó gearrtha.

Ach, mar a fuair mé amach leathbhealach tríd, éiríonn siad níos teannta de réir mar a bhogann tú thart.

Mar sin de, nuair a shíl seisean gur ag lúbadh le pléisiúr a bhí mé, is ag iarraidh éalú ó cheangal na gcúig gcaol a bhí mé dáiríre píre.

Sna flaithis a bhí mé, eisean ag baint greimeanna beaga as mo chraiceann, ag bogadh thart ar mo chorp i ngan fhios domsa cá raibh a thriall ina dhiaidh sin, idir teanga agus lámha, póganna agus greimeanna, eisean go hiomlán i gceannas agus mé faoi gheasa aige.

Thiontaigh sé timpeall ansin mé go raibh mo thóin san aer aige.

“Tabhair fuipeáil bheag do mo thóin,” a d’iarr mé.

lar

I measc na ngreimeanna sexy-áilte, mhothaigh mé a lámha ag imeacht ó mo thóin agus ansin, mar a bheadh féileacáin ag landáil ar phlanda, chomh héadrom le cleiteach, chuir sé a lámh ar mo thóin le smitín beag bídeach.

“Níos crua,” a d’impigh mé agus m’anáil ag ardú.

“Tabhair smitín mar is ceart dom.” Leis sin, tharraing sé lámh amháin siar agus idir an dá cos, ón chúl, landáil sé smitín marfach trom ar eireaball mo thóin.

“Á!” a dúirt mé, agus i bhfaiteadh na súl, tháinig an dara ceann agus ceann ina dhiaidh sin, sula raibh deis agam labhairt amach.

Bhí mo thóin breá dearg agus bodhar faoin am seo agus in ainneoin na péine, bhí mé go fóill ag baint sult as an phleidhcíocht.

Ach níorbh fhada uainn an líne sin nár chóir a thrasnú. Sin ráite, cad é mar a bhíonn a fhios agat cé chomh láidir is cóir tóin eile a bhualadh?

“Beidh rás againn anois,” a dúirt mé, ag aimsiú bealach éalaithe dom féin agus eisean dá chuimilt féin os mo chionn.

Má éalaímse sula bpléascann tú, beidh tú i dtrioblóid. An measann tú cé a bhain an rás, a léitheoir uasal Nós?

Bhuel cuirfidh mé mar seo é: tá seans ann go bhfuil sé go fóill ceangailte leis an leaba agam le m’fhobhríste ar a cheann.

Filleann an feall ar an fheallaire i gcónaí.

  • Steve Ryan

    Bhuel, is cosúil go bhfuil Gaeilge ag déanamh ‘a cumback” fíor…