Níl muintir óg na Seapáine ag bualadh craicinn. Cén fáth?


Níl aon taithí ghnéis ag beagnach leath de na daoine neamhphósta idir 18 agus 34 bliain d’aois sa tSeapáin.

Dar leis an taighde is déanaí ón Institiúid Náisiúnta um Dhaonra gur maighdeana iad 43% de dhaoine san aoisghrúpa seo agus go bhfuil meath leanúnach ag teacht ar dhaonra na tíre de réir mar a staonann daoine óga ó ghnéas agus ó chaidrimh.

Léiríonn an suirbhé náisiúnta nach bhfuil 64% de dhaoine san aoisghrúpa céanna i gcaidreamh agus nach bhfuil rún ag cuid mhór acu céile a aimsiú ach an oiread.

Mar chúlra air seo ar fad thug daonáireamh na bliana seo caite le fios gur thit líon na mbreitheanna sa tSeapáin faoi bhun milliúin sa bhliain, rud a thug ar an Institiúid Náisiúnta um Dhaonra a thuar go laghdófar an daonra reatha (127 milliún duine) le 40 milliún faoi 2065.

Ach cad is cúis leis an neamhshuim seo i gcúrsaí collaíochta agus caidrimh?

Creideann go leor sa tír go bhfuil baint ag pornagrafaíocht idirlín leis an scéal mar go bhfuil sé i bhfad níos fusa do dhaoine sásamh gasta a bhaint as íomhánna neamhphearsanta ar scáileán ná caidreamh a thógáil le fíordhuine.

Tá úsáid an ghréasáin an-ard sa tSeapáin agus bíonn tóir ar leith ar chineálacha porn ar nós cartún manga agus feitisí eile.

Tá fianaise ann go bhfuil fir óga sa tír nach gcuireann fíordhaoine dáir orthu a thuilleadh agus gur fearr leo dul i muinín fantaisíochtaí digiteacha ar líne.

Ag caint dó leis an BBC le déanaí ar an ábhar dúirt an fear grinn Ano Matsui go mbíonn imní freisin ar go leor fear go ndiúltóidh cailíní dóibh sa bhfíorshaol agus is mar gheall ar an eagla seo nach mbacann siad le caidrimh in aon chor.

Chomh maith leis an athrú suntasach seo i ngnáth-mhodhanna cumarsáide, comhluadair agus cleamhnais, luaitear brú airgeadais mar fháth eile a gcuireann cosc nó moill ar dhaoine dul isteach i gcaidreamh nó smaoineamh faoin bpósadh.

Tá ráta beireatais na Seapáine i measc na gceann is ílse ar domhan le roinnt tíortha eile san iarthar díreach sna sála orthu.

Beidh le feiceáil áfach an leanfaidh siad na nósanna céanna ó thaobh easpa collaíochta agus caidreamh de.

  • PólÓ

    @Tá ráta beireatais na Seapáine i measc na gceann is ílse ar domhan.

    D’fhéadfadh an tSeapáin athmhachnamh a dhéanamh ar a chuid beartas de gan glacadh le dídeanaithe isteach sa tír.

  • Steve Ryan

    An t-ardú na Feimineachas cathach, an scrios fearúlacht, an tarcaisniú an teaghlaigh – tá na háiteanna seo maith chun tús a chur leis an imscrúdú.