‘Oh Mi Bod’ – ainm breá Gaelach tugtha i ngan a fhios ar bhréagán gnéis

Tá ainm breá Gaelach tugtha orthu féin i ngan a fhios dóibh féin ag comhlacht Meiriceánach a dhéanann bréagáin ghnéis. ‘Oh Mi Bod’ is ainm don chomhlacht atá lonnaithe in New Hampshire sna Stáit Aontaithe, comhlacht a dhéanann ‘bréagáin chliste ghnéis’ is féidir a cheangal le giuirléidí cliste.

Imeartas focal ar an seinnteoir ceoil de chuid Apple, an iPod, agus giorrúchán coitianta ar an bhfocal Béarla atá ar ‘colainn’ – ‘body’ go ‘bod’ —  a bhí i gceist ag an lánúin a bhunaigh an comhlacht in 2006.

Ach is léir do na Gaeil ar líne go bhféadfaí brí eile a bhaint as bréagán gnéis darbh ainm ‘Oh Mi Bod’. 

https://twitter.com/artmaccarmaig/status/1354877847660355585

Maíonn OhMiBod gurbh iad a chuir an chéad ‘creathadóir iPod’ ar an margadh in 2006 – bréagán gnéis a bhfuil seinnteoir ceoil ann – agus ó shin i leith is iomaí bréagán nua gnéis a d’fhorbair siad, idir fhobhríste creathach, chreathadóirí Bluetooth, agus na dosaenacha táirgí eile nach iad. 

Bronnadh go leor gradam ar OhMiBod i gcaitheamh na mblianta ach níor ainmníodh go fóill iad sa rannóg ‘Margaíocht le Gaeilge’ ag Gradaim Mhargaíochta na hÉireann as “an Ghaeilge a bheith á húsáid le custaiméirí nua a mhealladh, cur le dílseacht custaiméirí, dea-thoil a fháil, nó buntáiste margaíochta a bhreith ar iomaitheoirí”.