Súil dhearfach ar an bporn leis an gCailín sa Chathair…

Agus mé ag caint le cara (fear) liom le déanaí, tiontaíodh an comhrá ar an bpornagrafaíocht, agus luaigh sé liom go raibh suíomh ann ar líne ar a raibh pornagrafaíocht Éireannach ar fáil. Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de rud ann agus porn Éireannach — céard a bheadh ann ar aon nós? Trí uair an chloig ag ól, deich nóiméad sa leaba agus deich n-uair an chloig ag srannadh!

Ach chuir an comhrá ag smaoineamh mé – is cuid den ghnáthshaol anois an phornagrafaíocht idirlín. De réir an tsuirbhé is déanaí ó The Irish Times, d’admhaigh 96% d’fhir Éireannacha agus 69% de mhná go mbreathnaíonn siad ar phorn ar líne. Ina ainneoin sin, is gnách a chloistear gur bagairt í don tsochaí agus cúrsaí gnéis. 

Mar sin dúirt mé go ndéanfainn cur síos ar na rudaí maithe a bhaineann leis, go háirithe i leith na mban, seachas í a shíorcháineadh. 

An rud a chuirtear i leith na pornagrafaíochta go minic ná go dtugann sí léargas míréadúil do dhaoine ar chúrsaí gnéis. Ach caithfear é sin a chur i gcomhthéacs, tugann an-chuid scannán léargas míréadúil dúinn ar chúrsaí gnéis agus grá. Má tá porn míréadúil, is ionainn é agus na scannáin rómánsúla a gcuirinn suim iontu agus mé níos óige.

Thug siad sin léargas míréadúil dom ar na caidrimh a bheadh agam le fir agus mé ag fás aníos. Ní féidir le haon fhíorbhean a bheith ar nós na mban a feictear i bporn, ach freisin ní féidir le haon fhíorfhear a bheith chomh hiontach, chomh foirfe agus chomh mothúchánach le Ryan Gosling in The Notebook

Má táthar le bheith réadúil faoi, an rud is míréadúla faoi scannáin phornagrafacha ná nuair a chuireann tú glaoch ar an bpluiméir, chomh tapa agus a thagann sé chun an tí!

Gan dabht tá an-chuid den phorn ar líne in aghaidh na mban, ach mar a luaite thuas, tá mná ag féachaint ar phorn freisin. Tá méadú ar líon na pornagrafaíochta feiminí atá ar fáil. Nuair a chloisinn faoi phorn feimineach déanainn an jóc “is féidir le gach scannán porn a bheith feimineach má chasann tú siar an scannán ionas go bhfeictear an bhean ag cur uirthi a cuid éadaí agus ag fágáil an tseomra”. Ach ní raibh aon mhaith le mo shearbhas. Tá suíomhanna ar nós makelovenotporn.tv agus unboundbabes.com ag déanamh iarrachta chun porn atá dearfach ó thaobh na colainne agus na collaíochta a chruthú.

Is cinnte go mbíonn fir ag déanamh aithrise ar phorn agus iad ag bualadh leathair san fhíorshaol, uaireanta ní rud maith é sin ach rud amháin a thug mé faoi deara le linn na bhfichead bliain go bhfuilim ag léim isteach sa leaba le leaids (agus cúpla bean), tá i bhfad níos mó béime ar orgasam na mban na laethanta seo. 

Is gnách le fir aire a thabhairt don bhean sula dtagann siad féin, rud nach raibh ann roimhe seo. Tá fir freisin fíorthoilteanach dul síos ar mhná anois, mar ghnáthchuid den chaidreamh, seachas rud éagsúil nach ndéantaí ach ar ócáidí speisialta. Cloisim ó fhir freisin go bhfuil rath ar phoirt bhéil ó na mná na laethanta seo leis. Sílim gur tionchar na pornagrafaíochta a spreag an borradh seo! 

Feictear roinnt mhaith ban atá snasta agus saorga sa phorn. Ach feictear mná snasta saorga i ngach gné de na meáin. Ar an iris Vogue feictear cúigear saghas mná agus is í samhail Cara Delevingne ceathrar as an gcúigear sin. 

Sa phorn tá áit do gach saghas mná, seang, ramhar, gorm, geal, MILF, GILF — an-chuid daoine éagsúla. Déantar ceiliúradh ar gach saghas duine.

Tugann porn seans do dhaoine eolas a chur ar an homaighnéasacht agus an déghnéasacht. Anois tuigtear dúinn go bhfuil gnéasacht i bhfad níos solúbtha agus tá baint ag porn leis go nglactar leis seo. Tugann sé seans do dhaoine a bhraith go rabhadar ar an imeall ó thaobh na gnéasachta de cur amach níos fearr a bheith acu ar chúrsaí collaíochta. Ní bhraithfidh tú uaigneach riamh arís, pé rud ina bhfuil dúil agat, beidh comhghuaillithe agat.

Is cosúil gur cuid de shaol reatha an lae seo an phornagrafaíocht ar líne. Déantar iarracht anois roinnt porn comhaimseartha a chruthú. Aimsir na Nollag seoltar a leithéidí Jizz the Season nó Santa Claus is Coming All Over Town, is féidir porn le daoine gléasta mar Donald Trump a fheiceáil, agus tá porn Breatimeachta ann fiú. Níl sé feicthe agam fós, b’fhéidir gur Sasanach ag bualadh craiceann le bean ón bhFrainc atá ann, deir sé go bhfuil sé chun tarraingt amach, ach tá sé fós ann! 

Mar sin, má tá tú neamhchinnte faoin bporn, bain triail as, b’fhéidir go bhfuil rud éigin ann go mbainfidh tú tairbhe as, má osclaíonn tú d’aigne, osclóidh tú do chosa leis!