‘Cuma leispiaigh? Níl a leithéid de rud ann!’

Cé go bhfuil feabhas ollmhór tagtha ar an mbealach a chaitear leis an bpobal LADTA, ní féidir a shéanadh go bhfuil obair fós le déanamh. Nuair a tháinig mise amach i mo leispiach — nóiméad ciúnais ar son na bhféasóg — chuir sé ionadh ar dhaoine, gan dabht. Is dócha go gceaptar go bhfuil foirmle áirithe ann chun gnéasacht duine a chruthú.

Mar shampla: (bean + gruaig fhada) x (suim i gceol Taylor Swift) = bean heitrighnéasach. 

Sin m’fhoirmle féin, ar ndóigh, ach is leispiach mé fós! Cuir fios ar na húdaráis!

Nuair a scaoilim an ‘les-bomb’ i gcomhrá (de ghnáth luaim go bhfuil an-suim agam in Beyoncé agus glactar leis an nod) feicim míthuiscint i súile na ndaoine. Láithreach bonn tosaíonn siad ag maíomh ráiteas ar nós:

“Ní bheadh a fhios agat gur *anáil dhomhain* leispiach thú ag breathnú ort!”

Nó níos fearr fós:

“Níl cuma leispiaigh ort in aon chor!”

Cuma leispiaigh? Níl a leithéid de rud ann! Tuigim nach mbíonn dímheas nó masla i gceist leis na ráitis seo. Mar sin féin, gach uair a thagann ionadh ar dhuine nuair a deir tú gur mheaitseáil tú le CAILÍN ar Tinder seachas le fear CLG á la Normal People, gortaíonn sé. 

Cuireann sé i gcuimhne dúinn nach bhfuil muid go huile is go hiomlán ag comhlíonadh riachtanais na sochaí. 

Is cuimhin liom a bheith i gclós na scoile agus mé dhá bhliain déag d’aois. Bhí mé i lár díospóireachta, mar is gnách, ag tacú go láidir leis an argóint gur céillí i bhfad go mbeadh cailín le cailín toisc go raibh siad i bhfad níos áille ná buachaillí.

“Fanfaidh muid amach uaitse, mar sin,” a d’fhreagair cailín amháin agus déistin ina béal. As sin amach, thuig mé go ndearnadh mí-áireamh ar m’fhoirmle. 

Nuair a théinn chuig an ngruagaire (#oibritheriachtanacha) chuireadh an bhean an cheist mhór orm agus gliondar ina súil: “an bhfuil buachaill agat?”. B’éigean dom “níl” ciúin cúthail a rá léi gach uair. 

Bíonn orm teacht amach go minic agus bíonn sé deacair nuair a bhíonn réamhchlaonadh ag daoine i mo choinne. Tá sé tábhachtach go seasfadh daoine siar agus go smaoineoh siad ar conas an réamhchlaonadh seo a fhágáil ar leataobh agus iad ag bualadh le daoine den chéad uair. 

Mar a dúirt Pádraic Ó Conaire, is ionann gach duine agus “tobar gach feasa…ithir gach iontais”. Is é sin le rá go bhfuil gach uile dhuine chomh domhain agus speisialta sin nach mbíonn deireadh lenár mistéir choíche. Tá scéal faoi leith againn go léir. Caith le daoine ar nós gur eispéireas iomlán nua iad agus beidh muid go léir in ann ár bhfoirmle féin a chruthú amach anseo.