Diabhal seol a bheidh le n-ardú ag duine ar bith go ceann tamaill…

“Anois teacht an Earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh

Is tar éis na Féile Bríde ardódh mé mo sheol…”

Bhuel a Raiftearaí, diabhal seol a bheidh le n-ardú ag duine ar bith againn go ceann tamaill. Ach fós féin tá Lá Fhéile Bríde anseo agus tiocfaidh léi ráithe an earraigh.

Le seachtain tá mama ag déanamh Brídeoga beaga as broibh, agus muid an lá uilig ag fí croiseanna Bríde astu freisin. Is é Lá Fhéile Bríde an lá is deise le mama sa mbliain agus tá sí ag súil go mór leis an earrach, ach an oiread liom féin. 

Is é an t-earrach an séasúr is fearr liom féin. Is breá liom an fad a fheiceáil ag teacht sna tráthnónta, na crainnte agus na bláthanna a fheiceáil ag croitheamh fuacht agus díomhaointeas an gheimhridh díobh agus beocht ag teacht ar ais sa dúlra. 

Is fearr liom an t-earrach ná an samhradh. Tá mo chorp go maith ag gineadh agus ag coinneáil teas, níl a fhios agam cén fáth, mar sin nuair a bhíonn aimsir the ann ná lá ar bith meirbh bíonn mise ag fáil bháis. 

Bíonn galúin allais á chur agam agus níl aon mhaith liom ag coinneáil uisce liom féin de ghnáth, gan trácht ar theas an tsamhraidh. Chomh maith leis sin caitheann mé an samhradh i measc Meiriceánach agus… bhuel… tá an “I’m Irish” agus an “I love drinking Guinness on Saint Patty’s Day” sin cloiste againn uilig faoin am seo. (Nach mise an trua Mhuire go mbíonn an deis agam é sin a dhéanamh chuile bhliain. Fadhbanna an Chéad Domhain mar a deir an t-aos óg.)

Bíonn an teas casta as i mo sheomra ar feadh na bliana mar gheall nach féidir liom codladh sa teas. (Tá mo sheomra ina chuisneoir, ní hea, ina reoiteoir). Bíonn na hoícheanta sách fuar san earrach le hoíche mhaith chodlata a thabhairt dom ach, má bhíonn grian ann agus má lagaíonn an ghaoth (rud nach dtarlaíonn go minic ar chóstaí Chonamara), sa lá bíonn sé sách te nach bpréachfadh duine ach ní bhíonn sé chomh te is go bhfágann mé díol loch Coirib d’allas i mo dhiaidh.

Bíonn gaimh bheag san aer san earrach ach ní bhíonn sé chomh dorcha leis an ngeimhreadh. Is aoibhinn liom mo chuid scamhóga a líonadh le haer úr an earraigh, ach go háirid thíos le cladach. Is breá liom an ga a bhaineann sé as mo chuid polláirí ar an gcéad anáil ar maidin.

Beidh an t-aer lán le ceiliúr éanlaithe gan mhoill agus ceol binn mar chór ar shiúlóidí síos cois trá. “Binn an fhuaim san earrach thiar,” a dúirt an Direánach. Is gearr go mbeidh rónta óga le feiceáil sa bhfarraige arís. Má théann tú amach i gcadhc tiocfaidh siad suas chomh fada leat agus snámhfaidh siad thart timpeall ort agus isteach fút mar gheall nach bhfuil an fhaitíos ná an t-aimhreas céanna orthu agus a bheadh ar na ceanna níos sine. 

Mar a dúirt mé, beocht agus óige le feiceáil sa mbliain, duilliúr ag teacht ar chraobh agus tagann bláth ar an dris féin fiú san earrach. Agus maróidh sé mé a bheith ag breathnú ar seo uilig amach tríd an bhfuinneog an fhad agus a bheidh léachtóir éicint ag bleadaráil faoi rud éicint amach as mo ríomhaire.