D’iarr mé ar mo dheartháir ‘mullet’ a thabhairt dom…

Caithfidh mé rud éicint a admháil do phobal léite na hirise seo. Níl mé bródúil as. Agus bíodh a fhios agat nach fear é a Domhnall Ó Braonáin a leanann treochtaí faisin go minic má leanann sé riamh iad. Mar sin féin nuair a bhí mo dheartháir ag bearradh mo ghruaige an lá cheanna dúirt mé leis mullet a thabhairt dom. 

Tá an ghruaig chinn ar cheann de na tréithe atá ag beagnach chuile dhuine ar domhan, beag beann ar dhath craicinn ná creideamh ná inscne. Mar sin luíonn sé le réasún go raibh sí lárnach sa gcultúr daonna ar fud an domhain ó aimsir Ádhaimh. Chuile ré daonna dá raibh ann riamh bhí stíl gruaige nó nósanna ag daoine an ama maidir lena gcuid gruaige.

Sa mBíobla, fiú, cá raibh cumhacht an fhir ba láidre dá raibh riamh ann? Ina chuid gruaige. Ó tharla gur Naizíreach a bhí ann ní raibh cead ag Samsón a chuid gruaige a bhearradh agus dá bhrí sin nuair a theastaíodh láidreacht uaidh líontaí a chorp le spiorad Dé agus bhíodh sé níos láidre ná duine ná rud ar bith. 

Fear chomh láidir gur stróic sé leon ina dhá chuid lena chuid lámh agus gur mharaigh sé míle Filistíneach le giall asail chun pobal Iosrael a thabhairt slán. Agus níor chaill sé a chuid nirt nó gur bearradh a chuid gruaige. Ach an gheallúint a thug Samsón do Dhia, nach mbearrfadh sé a ghruaig, bhí sé ag géilleadh smacht ar chuid dá chorp in ainm a chreideamh.  

Ba iad na Ceiltigh an chéad dream a d’úsáid frosted tips riamh. Nídís a gcuid gruaige le haol lena dhéanamh crua chun go bhféadaidís bioranna a chur inti agus d’iompódh sé seo fionn í freisin. Cheap siad go gcuirfeadh sé seo faitíos ar a gcuid naimhde agus b’fhéidir gur chuir (shílfeá gur furasta faitíos a chur ar shaighdiúirí na hImpireachta Rómhánaigh). 

Seo stíl gruaige nár tháinig ar ais, théis an Chré-Umhaois, go dtí na 1990idí. Níor mhair sé i bhfad ach, ní bheadh a fhios agat, b’fhéidir go dtiocfaidh sé ar ais arís faoi cheann dhá mhíle bliain eile.

Anois ní stíl fhorleathan fós í ach tá athbheochan ag tarlú leis an mullet. Chaith mé an samhradh thall i Meiriceá ag obair le m’uncail, ag tiomáint thart i bpickup truck, ag éisteacht le ceol tíre agus ag ól beoir éadrom (sin í an chuid nár thaitin liom. Níl a fhios acu céard is beoir bhlasta ann i Meiriceá). 

Mar leaid as ceantar tuaithe anseo in Éirinn, thaitin an bealach maireachtála tíre liom (country boy i gConamara) agus an fhad agus a bhí mé ann thug mo chol ceathrar mullet dó féin. 

Mar sin nuair a tháinig mé abhaile agus a fhios agam anois nach mbeidh mé ag dul isteach chuig an gcoláiste go dtí an chéad téarma acadúil eile, shíl mé nach mbeadh dochar ar bith stíl nua gruaige a thriail. Go dtí seo bhí an combover céanna agam ó bhí mé DHÁ BHLIAIN DÉAG D’AOIS!

Anois agus mo ráiteas cosanta curtha amach go poiblí glacfaidh mé le cáineadh ar bith a gheobhaidh mé. Tá sé tuillte agam. (Agus ní cheapfainn go dtabharfaidh Dia neart Shamsón dom de bharr an bhearrtha gruaige seo.)