Gaeil Faoi Ghlas: Bhí mé cinnte nach ar Zoom a bheadh mo bhreithlá féin á cheiliúradh…

Is cuimhin liom sa chéad dianghlasáil (nó ‘Babhta a hAon’ mar a thugaim air anois), gur mhothaigh mé brónach ar son cairde agus gaolta a raibh breithlaethanta i mí an Mhárta agus Aibreán acu.

Nuair a bhíomar bailithe le chéile ar Zoom le ceiliúradh leo, thug sé giota beag dóchais dom bheith ag rá liom féin “tá mo bhreithlása i mí na Samhna, beidh féile mhór agam agus na cuimhní seo i bhfad i bhfad taobh thiar dínn”.

Bhí mé ag gáire fúm féin i mí Dheireadh Fómhair agus mé ag cruthú ócáid Facebook le cóisír Zoom a eagrú dom féin agus mo chairde. Mí ar mhí, ghlacamar ar fad ballraíocht sa chlub céanna sin, agus faoi dheireadh, ba bhall mé agus is an macshamhail sin a bhí mé, suite i mo sheomra i nGlas Naíon ag seoladh cuirí chuig an gcruinniú.

B’in rud nach raibh mé ag súil le tabhairt liom ón gcéad dianghlasáil, go mór toisc nach rabhamar ag súil go leanfadh sé chomh fada le seo. Cosúil le chuile dhuine, bhí ceachtanna le fhoghlaim agam uaidh. Thug mé liom rudaí áirithe uaidh agus rudaí eile atáim ag súil le fágáil i mo dhiaidh.

Nós nua ar thug mé liom ná teagmháil a bheith agam le daoine go neamh-dhigiteach. Lorg mé seoltaí mo chairde agus thosaigh mé le litreacha a scríobh agus a sheoladh amach, ansin cártaí breithlae (táim nach mór bancbhriste ag ceannach cártaí Phóilín Nic Géidigh), agus gan mhoill, tosóidh na cártaí Nollag ag sreabhadh thart timpeall an oileáin.

Ag tús mhí Dheireadh Fómhair, bhog mé amach as baile den chéad uair le bheith ag maireachtáil gan mo mhuintir. Thosaigh mé ag pleanáil le bogadh amach anuraidh, agus, go pointe, nuair a bhog mé isteach i m’árasán, mhothaigh sé ar nós go raibh mé ag ullmhú dó seo ar feadh bliana, ach i ndáiríre, ní raibh na socruithe cinntithe go dtí cúpla seachtain roimh ré agus go tobann bhí seoladh poist iomlán difriúil agam i ndiaidh breis is 21 bliain a chaitheamh san áit chéanna.

Chuaigh mé i dtaithí air go tapa, bhraith mé gur an rogha ba cheirte dom ag an staid seo i mo shaol é. Díreach sular tháinig Leibhéal 5 i bhfeidhm, bhí deis agam dul abhaile le mo mhuintir a fheiceáil ar feadh lae. Cinnte is deas cuairt a thabhairt i gcónaí ach bhí searbhas faoi leith ag baint leis an gcuairt seo, agus a fhios agam nuair a d’fhág mé nach mbeinn abálta iad a fheiceáil arís go ceann tamaill.

Táim gafa le mo chuid oibre, ní bhím sásta mura bhfuil togra cruthaitheach éigean ar bun agam. I mBabhta a hAon, mhothaigh mé ar nós go raibh an iomarca ama agam le chuile rud a bhaint amach, agus thug mé faoi gach rud, idir scríbhneoireacht, fhíseáin, raidió, phodchraoladh agus dhearadh grafaicí.

Is cinnte go ndearna mé dul chun cinn leo siúd, céim mhór dom ná mo chuid priontaí féin a chur i gcló agus a dhíol den chéad uair riamh, éacht bheag a bhí ar an liosta agam le bliain ag an staid sin.

Ach ní bhíonn in aon rud ach seal. Faoi dheireadh, tháinig deireadh leis an liosta tograí le tabhairt fúthu, rud a bhí deacair a sheasamh, go háirithe gan rud ar bith eile le déánamh, ar nós an coláiste, nó obair físe le comhlíonadh.

Sa bhabhta seo anois, leis an gcoláiste fillte agus idir an obair sin agus obair le cumainn, níl an tsaoirse chéanna ama ann agus is minic a mhothaím nach bhfuil a ndóthain uaireanta sa lá.

An tseachtain seo, thuig mé é sin, agus beidh mé ag tabhairt faoi mo chuid dualgaisí sa chéad cúpla seachtain eile, ní hamháin mar shaorobair ach mar bhriseadh ón gcoláiste. Maidir le mo bhreithlá? Bhuel, feicfidh mé ar Zoom thú!