Gaeil Faoi Ghlas: Dianghlasáil a Dó – Electric Bógaló

Sa cholún nua seo, inseoidh Gaeil éagsúla cén chaoi a bhfuil ag éirí leo le linn na Dianghlasála atá curtha i bhfeidhm ó dheas agus ó thuaidh le dul i ngleic le scaipeadh an víris chorónaigh.

Os cionn naoi mí ó shin a chuala mé an téarma ‘dianghlasáil’ i gcomhthéacs na paindéime den chéad uair, agus mé suite sa teach in oirthear Bhéal Feirste ag breathnú ar an múinteoir as Éirinn, Ben Kavanagh, a bhí faoi agallamh ar an BBC. 

Dá ndéarfaí liom an oíche sin ní hamháin go mbeadh an tír seo faoi dhianghlasáil sé seachtaine i ndiaidh an agallaimh sin, ach go mbeadh muid tar éis an annus horriblus seo a chur isteach agus dianghlasáil eile le cur i bhfeidhm i mbéal an gheimhridh, ba mhór an gáire a dhéanfadh mé. 

Ach anseo atá muid, ocht seachtaine idir muid agus féile na Nollag agus sé seachtaine eile den dianghlasáil chrua amach romhainn. Ar bhealach, is furasta an babhta seo ná Féile na Dianghlasála Móire san Earrach, sa gcaoi is go dtuigim go pointe a bhfuil amach romham. Ach ar an lámh eile is mór idir tráthnónta geala an earraigh agus oícheanta dorcha Mhí na Marbh. 

Is le teann searbhais a labhraítear anois ar choinní Zoom, ar an mbacáil, agus ar an aclaíocht baile. Ní airím go bhfuil muid ag maireachtáil ‘ar scáth a chéile’ an geábh seo, agus i bhfad níos mó daoine ag clamhsán go hoscailte faoin dianghlasáil agus na srianta tromchúiseacha atá á gcur i bhfeidhm orainn.

Mar sin féin, tá beartaithe agam an oiread taitnimh agus is féidir a bhaint as Dianghlasáil a Dó, agus tá cúpla rud foghlamtha agam ón gcéad bhabhta a chabhróidh liom an uair seo.

 Ní chuirfidh mé brú orm féin a bheith níos aclaí ná mar a bhí riamh cheana: ní thaitníonn an ‘aclaíocht ar mhaithe le haclaíocht’ liom agus teastaíonn sprioc uaim nuair a léimeann mé ar mhuin an chapaill iarainn. Glacaim leis anois go mb’fhéidir go gcuirfidh mé cúpla kilo meáchan orm féin idir seo agus an Nollaig, ach ní ghlacfaidh mé le haon bhrú a chuirfidh mé orm féin dul amach ar an rothar nuair nach bhfuil aon áit le dul agam.

Rinne mé iarracht an oiread sin scileanna nua a fhoghlaim agus a chleachtadh nuair a tháinig an chéad dianghlasáil isteach: an chniotáil, an tarraingt, teangacha nua… Níor éirigh liom a leath a fhoghlaim agus is beag cleachtadh a rinne mé ar an leath eile. 

Ní call dom rud ar bith nua a fhoghlaim an uair seo, nó rud ar bith nach dtaitníonn liom a chleachtadh. Tá caithimh aimsire agam cheana féin — an léitheoireacht agus an ceol, mar shampla — agus in áit céad is míle rud nua a fhoghlaim (taos géar?), cuirfidh an t-am seo ar leataobh leis na seanchleasa a chleachtadh.

Thar rud ar bith eile, áfach, beidh mé ag caint le cairde agus gaolta. Chuir mé an oiread sin ríomhphost, litreacha, cártaí poist agus eile ar fud na tíre agus ar fud an domhain idir mí an Mhárta agus mí Iúil, agus thaitníodh sé go mór liom nuair a d’fheicinn fear an phoist ag teacht aníos an bóithrín le mála mór litreacha nó pacáistí eile dom.

Ba iad na cairde —  in Éirinn, thar lear agus muintir na Zoomtachta — a choinnigh beo mé le linn Dhianghlasáil a hAon agus is ar a scáth a bheidh mé a maireachtáil le linn Dhianghlasáil a Dó.