Gaeil Faoi Ghlas: Más éifeachtach an bob is riachtanach an bia

Nuair a bhí muid óg, mé féin agus mo dheartháir is deirfiúr, bhí sé de nós ag Mam ár gcuid Ribena a spíceáil le heiceanáise an tráth seo bliana. Fiú gan trácht ar an gCoróna damanta an t-am sin, bhí a ndóthain frídíní ag réabadh thart ar ar mhian léi muid a chosaint. 

Eiceanáise an bealach leis sin a bhaint amach, dar léi. Braon dorcha amháin den stuif ghránna isteach i ngloine Ribena agus chaithimís siar é i ngan a fhios, gan stró. Bhíodh a beart déanta aici agus muidne, dall ar gach uile rud, chomh sásta léi

Is maith an rud é uaireanta, bob mar sin a bhuaileadh ar dhuine. Uaireanta, ní bhíonn an tarna rogha ann. Chonaic mé Roz Purcell i gcaitheamh na seachtaine ag bualadh bob ar a cat agus a cuid piscíní. B’éigean dóibh cuairt a thabhairt ar an tréidlia ach, ar ndóigh, gan fonn ar na cait iad féin a chur faoi ghlas sa phríosún beag plaisteach — an bosca taistil.

Is éard a rinne sí ná bia na gcat a chur isteach sa bhosca ar feadh cúpla lá agus doras an bhosca a fhágáil ar oscailt, go ndéanfaidh na cait ceangal idir an bosca úd agus bia. Nuair a tháinig lá an tréidlia faoi dheireadh thiar, as go brách leo gan cíos, cás ná cathú orthu. 

Na laethanta seo, is orm féin a bhím ag bualadh bobanna, seachas daoine eile nó ainmnithe aineolacha, dála Roz. Uaireanta, is mithid dom an dalladh púicín a chur orm féin, má tá mé le mo chuid spriocanna a bhaint amach riamh. 

Bob maith a bhuail mé orm féin ag tús Dhianghlasáil a hAon ná gur bheartaigh mé ar an masc ab fhaiseanta a mbeadh teacht air a cheannach dom féin — sa chaoi is nach mbeadh drogall orm é a chaitheamh agus nach smaoineoinn arís faoin mhíchompord ar m’aghaidh. 

D’éirigh liom agus anois, duine níos sásta le masc a chaitheamh ní fheicfidh tú; siúlaim timpeall an ollmhargaidh anois ar nós péacóige, na cleití spréite amach agam. 

Bíonn bobanna mar seo iontach éifeachtach ó thaobh na sláinte de; nuair a bhím ag iarraidh smacht a chur orm féin maidir leis an ól, cur i gcás. N’fheadar fúibhse ach ba riachtanach domsa an smacht sin a chur i bhfeidhm cúpla seachtain isteach sa chéad dianghlasáil, tréimhse ar óladh go leor fíona agus eile. 

An cleas atá agam ná go mbíonn buidéil uisce súilíneach agam sa chuisneoir de shíor; ansin má tá buidéal beorach go géar uaim, ólfaidh mé ceann de na buidéil uisce súilíneach. Cuireann na boilgeoga an bheoir i gcuimhne dom agus sásaíonn sé mé. 

Ó thaobh na haclaíochta de, cleas eile a d’fhoghlaim mé sa dianghlasáil a chuaigh thart ná dá n-éistfinn le closleabhar agus mé ag rith, choinneoinn orm i bhfad níos faide. Bíonn mo chuid airde gafa ag an scéal, seachas pian mo cholainne agus puthaíl m’anála. An chuid ba chliste den chleas seo ná má bhím ag iarraidh cuid eile den scéal a chlos, caithfidh mé dul i muinín na mbróg reatha agus aghaidh a thabhairt ar an mbóthar arís. Ba í Maeve Binchy ba chúis leis an gcéad 10k riamh a bhain mé amach. 

Anois, a éifeachtaí is a bhíonn mo chuid bobanna, ní éiríonn leo na haon lá. De ghnáth, éiríonn liom an dalladh púicín a choinneáil orm agus saol sláintiúil a chaitheamh, formhór na seachtaine.

Tráthnóna dé hAoine — sin scéal eile. 

Ar bhualadh a sé a chlog, amach liom sna featha fásaigh chuig an gcarr, gan de rian i mo dhiaidh ach gliogarnach m’eochracha agus plab an dorais agus é á dhúnadh. I bhfaiteadh na súl tá mé ag an scipéad san ollmhargadh, buidéal fíon dearg go docht i mo bhaclainn agus tobán uachtar reoite ar an gcrios iompair romham (an tobán maith is fiú a rá, ní hé Aoine na Dianghlasála an t-am le do chuid ama a chur amú ar fhéinbhrandaí ísealchaighdéain). 

Bím ar ais sa charr sula mbíonn an cúig nóiméad féin meilte,  gan le clos ach an “bíp bíp” úd, a bhaineann leis an gcuid eile den deasghnáth. Fanaim i mo thost, ar bior, go dtí go gcloisim an glór binn lena bhfuilim ag súil:

Hello, Shang Hai?” 

“Hi there, can I put in an order for collection please?” 

Geallann an glór dom nach i bhfad a bheidh sé agus tá a fhios agam nach loicfidh sí orm. 

Ní loiceann. 

Deich nóiméad ina dhiaidh tá mé ar mo chompord ag bord na cistine, ceo ag ardú ó mo chop suey, an tine thíos agus glug glag an fhíona á síleadh isteach sa ghloine mar cheol binn i mo chluasa.

Caithfimid uilig aire a thabhairt dúinn na laethanta seo. Cuid de sin, baineann sé le srianta a chur orainn féin, ach tá gá le nithe pléisiúrtha a cheangail isteach freisin. 

Más éifeachtach an bob — is riachtanach an bia.