Gaeil Faoi Ghlas: Ní glasáilte ag an víreas atá mé ach sáinnithe ag an sneachta

Anois, le bheith go hiomlán ionraic faoin scéal, níl an Fhrainc baileach faoi dhianghlasáil faoi láthair ach níl sí i bhfad uaidh ach an oiread. Níl bialanna ná tithe tábhairne oscailte, ná aon cheo eile narbh fhéidir a bhrandáil mar “éigeantach”,  tá cuirfiú curtha i bhfeidhm, agus tá formhór na ndaoine ag obair ón mbaile. 

Níl siad ag tabhairt ‘dianghlasáil’ air, ach tá an cuirfiú chomh dian le haon riail atá in Éirinn faoi Leibhéal a Cúig. Ní chuireann sé isteach ná amach ormsa – cá mbeinn ag dul th’éis a hocht a chlog má tá chuile áit beo dúnta? Go deimhin, fiú agus muid idir dhá dhianghlasáil sna seachtainí sin i mí na Nollag, d’airigh mé ar nós nár tháinig deireadh riamh leis an dara ceann. 

Taobh amuigh, tá sneachta ag titim go tréan agus is beagnach gur féidir liom dallamullóg a chur orm féin: ní glasáilte ag an víreas atá mé ar chor ar bith, ach sáinnithe ag an sneachta.

Seachtain ó shin a d’imigh mé, nó gar go maith dó. Chuir Mama na seacht míle fainic orm ar fhagáil na Gaillimhe dom, agus bhí na seacht míle ceist aici orm nuair a leaindeáil mé. Bhí an oiread bís cainte uirthi ar bhfón liom nach bhféadfadh sé gur airigh sí freagra ar bith a thug mé. 

Níl mé i gceann ar bith de bhailte móra na Fraince, ar nós Paris, ná tada dá shórt. Is in Thiers atá mé, in éineacht le mo dheartháir. Ná bíodh imní ort murar airigh tú caint ar Thiers cheana, níor airigh mise trácht air riamh go dtí gur shochraigh mo dheartháir a dhul chun cónaí ann. D’fhiafraigh sé díom aréir an raibh a fhios agam cá raibh muid ar an mapa nuair a bhí muid ag breathnú ar thuar na haimsire. Bhí orm a admháil nach raibh, ach ní dóigh liom go raibh a fhios aige féin ach an oiread. 

Baile beag é Thiers, tá an chuid is mó de na siopaí beaga dúnta agus tá sé deacair a dhéanamh amach ab é an chaoi go bhfuil siad dúnta ar feadh scaithimh mar gheall ar Covid nó an bhfuil siad dúnta go hiomlán. Níl daoine ag seasamh ag an doras ag coinneáil súil ar cé méid duine atá ag dul isteach sna siopaí atá oscailte, mar a bhíonn in Penney’s i nGaillimh, ná níl aon scuaine ag fanacht le dul isteach iontu. 

Níl fógraí ar an teilifís ó FSS na Fraince ag cur i gcuimhne dá lucht féachana go bhfuil an víreas inár measc (amhail is go bhféadfadh duine ar bith dearmad a dhéanamh air), nó má tá, níl siad feicithe fós agam. 

Ach má bhí sé deacair coinneáil suas leis na míreanna nuachta sa mbaile le rialacha a bhí i gcónaí ag athrú, tá sé i bhfad Éirinn níos deacra nuair is i dteanga eile atá an nuacht á phlé (tá mé ag déanamh staidéir ar an bhFhraincis san Ollscoil – bhainfeadh sé an bród de dhuine éisteacht leis na láithreoirí agus gan tuairim na ngrást agat céard air a bhfuil siad ag caint).

Ní hé go n-athraíonn an nuacht mórán – figuirí, rialacha, srl srl. Tá sé cloiste cheana againn. 

Mar sin, sin sin. Níor athraigh tada mórán. Tá mé ag ithe agus ag ól de ló is d’oíche – díreach mar a bhí sa gcéad dianghlasáil. 

Ach an uair seo, tá bácús trasna an bhóthair, tá an radharc taobh amuigh den fhuinneog cosúil le rud éigin as scannán Nollag, agus tá mé, beagán ar bheagán, ag cur feabhais ar mo chuid Fraincise. Céard eile a bheadh uaim?