Gaeil Faoi Ghlas: ‘Ní hionann snas Shellac agus sonas…’

Ní théann lá thart nach gcloistear an focal sin ‘riachtanach’ le dornán míonna anuas: gnó riachtanach, taisteal riachtanach, oibrí riachtanach, earraí riachtanacha, siopaí riachtanacha, seirbhísí riachtanacha, obair riachtanach. Tá an focal sin chomh mór i mbéal an phobail faoi láthair go ndearna mé mo mhachnamh ar riachtanais mo shaoil féin agus na rudaí nach bhféadfainn déanamh dá n-uireasa i bpaindéim an ama láithrigh, agus níos suntasaí ná sin, na rudaí ar féidir déanamh dá n-uireasa a bhíodh mar ghnáthchuid de mo shaol laethúil roimh Covid-19.

Tá ceacht an-luachmhar foghlamtha agam ó bhuail an phaindéim an tír i mí Feabhra 2020 — tá i bhfad níos lú rudaí saolta de dhíth orm ná mar a cheap mé. Ní raibh an nath “rare pleasure” mar chuid de mo stór focal leis na cianta roimh an bpaindéim. Ní hé sin le rá nach raibh taithí agam ar chineál a dhéanamh orm féin, a mhalairt ar fad a bhí fíor faraor!

Is é an focal “annamh” a bhí in easnamh! Ó rinneadh gairmí mná díom sa bhliain 2011 agus tháinig dúil agam sa chaiteachas ba ghnách liom mé féin a mhilleadh go rialta. Níl aon náire orm é sin a admháil mar táim den tuairim anois go raibh caiteachas ar rudaí neamh-riachtanacha imithe ó smacht sa tír seo le roinnt blianta anuas roimh an dianghlasáil agus déarfainn go raibh muid bródúil as fiú, ar bhealach aisteach. 

Bhíodh sé ina ábhar gáire againn ag an obair an méid beartán a thagadh chugam ó asos, Zara agus River Island ar bhonn seachtainiúil. Bhí uimhir mo chárta dochair ar eolas de ghlanmheabhair agam agus aithne mhaith agam ar an bhfear seachadta DPD agus ní cás aonair a bhí ionam ach an oiread.

Fud fad na tíre bhíodh scata cailíní bailithe le chéile ag ól caife costasach, ag maíomh gur tháinig beartán sa phost agus nár chuimhin leo cad a bhí istigh ann toisc an méid siopadóireachta ar líne a bhí déanta acu. Ní hionann airgead a chaitheamh go fánach agus sotal ar ndóigh, agus níor thuill mé riamh dóthain airgid chun a bheith sotalach, ach níl dabht ar bith ann ach go raibh tuiscint dhoiléir agam ar an difríocht idir riachtanais bhunúsacha agus sónna an tsaoil. 

Bhíodh sé de nós agam snas nua shellac a fháil ar m’ingne gach trí seachtaine, fiú gan ócáid ar bith ag teannadh liom. Dá bhfeicfinn geansaí nó gúna deas ar thionchaire éigin ar Instagram, cheannóinn é gan smaoineamh faoi mórán. Dá mbeadh béile deas i mbialann galánta uaim, rachainn amach ag ithe. Ba mhinic a théinn amach de ghrá na cuideachta agus feisteas nua orm ó sháil go rinn agus gloine mhór jin i mo ghlac lán torthaí agus luibheanna de gach saghas — a leithéid de nóisin!

Ní sheasann an nuacht i bhfad nuair is gnáthrudaí iad oícheanta a chaitheamh in óstáin agus lá spá a bheith agat anois is arís. Feictear dom anois go raibh sónna an tsaoil chomh fite fuaite i mo shaol nár thuig mé a thuilleadh gur sónna a bhí iontu fiú. Ní raibh mé ag fuineadh de réir na mine ar chor ar bith! 

Ansin buaileadh muid leis an dianghlasáil agus séanadh gach cineál pléisiúir orainn agus fágadh muid le rudaí riachtanacha amháin. B’fhada liom gach Déardaoin agus Domhnach le linn na dianghlasála nuair a rachainn chuig Aldi nó Lidl ag cuardach sladmhargaí sa phasáiste láir i measc na n-iontas a bheadh i ndán dom ann. 

Tá ciall leis an stíl mhargaíochta sin a bhíonn in úsáid ag Aldi agus Lidl agus d’fhéadfaimis uilig ceacht a fhoghlaim uathu. Bíonn earraí riachtanacha leadránacha ar nós arán agus bainne ar fáil ann i gcónaí agus earraí sómasacha á dtairiscint acu níos annaimhe, mar shampla foireann stiúideo ingne (a fuair mé in Lidl cúpla seachtain ó shin). Seans nach n-oirfidh “Special Buys” na seachtaine duit gach seachtain ach ó am go chéile tiocfaidh tú ar thaisce i measc na mbunriachtanas agus is ansin a bheidh meas agat air. Coimeádann siad san amhras muid. 

D’fhoghlaim mé ceacht a bhí de dhíth go géar orm: Is féidir liom maireachtáil ar bheagán, ní hionann snas shellac agus sonas, tá an iomarca éadaí agam, bíonn blas ar an mbeagán. Ní hé sin le rá nach ndéanfar mo chuid ingne a mhaisiú go deo arís nó nach rachaidh mé amach i gcomhair béile galánta a thuilleadh ach is geall leis an Nollaig na sónna sin anois agus foghlaimíonn tú le déanamh dá n-uireasa. Tuigim anois nach mbraitheann sonas ar shó agus anois, níos mó ná riamh, is fíor an seanfhocal “an rud is annamh is iontach”.