Gaeil Faoi Ghlas: Tá mé buíoch as mo cheantar dúchais gach aon lá

Bunaithe ar alt sa tsraith ‘Gaeil Faoi Ghlas’ le Niamh Ní Shúilleabháin a scríobhas féin an píosa seo, agus mé ar aon intinn le Niamh a bheag nó a mhór, fé na hearraí ar fad a cheannaíonn mórán againn agus gan aon ghnó faoin spéir againn dóibh. 

An shellac úd, an clúdach deas gléigeal don nguthán póca, an coinneal sin in Aldi ar Specialbuy, nó an dialann is úire, díreach toisc go bhfuil boladh deas ón leathar atá timpeall uirthi.

Is mó péire sál arda sa chupard agamsa nár chaitheas riamh, agus ná caithfead choíche, a ceannaíodh toisc na nóiseans céanna a luaigh Niamh. Tá cúpla cúis ná caithfead na sála arda arís: An chúis is praiticiúla — ná bead ag freastal ar phuinn póstaí ná ócáidí ar feadh cúpla bliain eile is dócha, toisc líon na ndaoine a mbeidh cead acu dul chucu a bheith gearrtha siar. 

Ní timpeall an tí a chaithfead na sála arda ach oiread. (Ach, ag smaoineamh ar alt an Chailín sa Chathair, b’fhéidir go gcuimhneoinn ar sin arís!)

An tarna cúis ná bead ag caitheamh sála arda go deo arís ná gur duine anois mé a mbíonn bróga reatha orm formhór gach lá, nó ceann éigin, bím cosnochta. Is dóigh liom go bhfuilimid ar fad níos báigiúla don dtimpeallacht, dos na sléibhte, don bhfarraige agus dos na bóithríní casta, ciúine inár dtimpeall ó mhí an Mhárta agus go dtugaimid ómós dóibh sin, nár thugamar cheana, toisc nach bhfuil sé de rogha anois againn taisteal i bhfad ó bhaile.

An bhfuil aon mhothú níos fearr ná siúl gan bhróig, gan stoca ar ghaineamh fhuar, fhliuch na trá? An ghaineamh idir do lúidíní. An fón múchta. An ghaoth ag séideadh i d’aghaidh agus b’fhéidir fiú, screabhadh báistí anuas sa cheann ort. Saoirse iomlán i do sheanéadaí, gan ghá agat a chraiceann is a luach a bheith agat, ach ár dtírdhreach álainn féin, saor in aisce. 

An féidir linn luach a chur air sin, seachas a bheith ag síorcheannach? Nach breá bog atá an dianghlasáil ag teacht ar chuid againn, agus áilleacht nádúrtha ár gceantar féin ar leic an dorais againn, gan le déanamh againn ach ár ndá shúil a oscailt? Tá péire spéaclaí nua fachta agamsa ón Márta agus meas níos mó ná mar a bhí riamh agam ar Dhúthaigh Duibhneach, agus mé buíoch as mo cheantar dúchais gach aon lá.

Is dócha go dtiocfaidh an lá go mbeidh na sála arda á dtarrac amach arís agam, agus smúit orthu, ach ní inniu ná amárach é, agus táimse lánsásta leis sin. Anois, cad é an suíomh idirlín atá ag Adidas…?