Ióga le Jenny le hatosú ar Instagram NÓS Dé hAoine

Agus an dianghlasáil fógartha ag an rialtas ó dheas arís, agus srianta níos déine tugtha isteach ó thuaidh, tá beartaithe ag an saoi ióga Jenny Ní Ruiséil tús a chur athuair lena sraith iomráiteach ‘Ióga le Jenny’ ar Instagram NÓS.

Bhí Jenny linn níos luaithe i mbliana gach Aoine ag 9.00 le rang ióga a thabhairt dúinn agus muid sáinnithe sa teach. Beidh sí an chéad rang eile ar siúl Dé hAoine seo ag teacht ag 9.00 arís ar leathanach Instagram NÓS. Ná bí buartha murar féidir leat freastal ar an rang sin beo, beidh sé ar fáil ar leathanach NÓS ina dhiaidh.

Go deimhin, is féidir breathnú siar ar ranganna a thug sí ag tús na paindéime ar an leathanach céanna:

View this post on Instagram

A post shared by NÓS (@nosmag) on

“Tá sé nádúrtha a bheith beagáinín imníoch i láthair na huaire — níl mórán cinnteachta ná suaimhnis le brath taobh amuigh ná ar na meáin. Agus an chuid is mó againn greamaithe taobh istigh, bíonn sé deacair do chuid sláinte, fisiciúil agus intinne, a choinneáil socair. 

“Mar sin, tá mé ag súil le rang íoga agus midheamhna a chur ar fáil daoibh ar Instagram NÓS an Aoine beag seo — uilig trí mheán na Gaeilge. Múinteoirí, scoláirí, oibrithe oifige nó éinne atá ag mothú níos imníche ná mar is gnáth, beidh fáilte romhaibh uilig,” a dúirt Jenny. 

View this post on Instagram

A post shared by Yoga & Ayurveda 🌙🌱🌠 (@jennybean108) on

Is san ióga traidisiúnta Haṭha Tantrach agus san ióga Yin atá saineolas Jenny, atá tar éis roinnt ama a chaitheamh san Indinéis ag staidéar agus ag cleachtadh an traidisiúin ársa seo. Tá sí an-phaiseanta faoin ióga agus faoin midheamhain agus creideann sí go láidir iontu mar uirlis chun na sláinte intinne agus na sláinte fisiciúla a bhainistiú “le go dtuigfidh daoine a gcumhacht agus a luach féin, chomh maith lena a gcumas cruthaitheachta a chothú”.

Tá an t-ádh ar léitheoirí NÓS múinteoir chomh cumasach le Jenny a bheith linn agus tá muid ag súil go mór leis an rang Dé hAoine!