‘Is bean mé a éigníodh agus seo mo chuid tuairimí’
caithfimid a chur in iúl céard is 'cead' ann

Is minic a fhiafraítear cén fáth go bhfuil cultúr an éignithe chomh mór sin, cén fáth go gcuirtear milleán ar an té gur deineadh an t-éigniú orthu in ionad an té a dhein an t-éigniú, agus cén fáth nach dtagann níos mó scéalta faoin éigniú chun solais.

Ní saineolaí mé, ach is bean mé a éigníodh agus go bhfuil an iomarca cairde agam gur deineadh amhlaidh dóibh, agus seo mo chuidse tuairimí.

Nuair a phléitear ceist an éignithe, ceistítear cén fáth nach dtuairiscítear an choir. Is iomaí freagra atá ar an gceist sin, ceist a chuirtear ar mhná óga go minic. An freagra atá agam ná captaen fhoireann rugbaí na hÉireann ag freastal ar chás cúirte faoi éigniú le ‘teistiméireacht’ a thabhairt don mbeirt gur cuireadh éigniú ina leith.

Tógadh le CLG agus le rugbaí mé. Bhíos an-bhródúil faoin méid a bhain foireann rugbaí na hÉireann amach le blianta beaga anuas. Ach ní fiú faic é sin agus captaen na foirne ag freastal ar chás cúirte le teistiméireacht a thabhairt ar son beirt a bhfuiltear in amhras fúthu gur éigníodar bean.

De ghnáth ní strainséirí ná arrachtaí iad ach oiread. Is ‘gnáthdhaoine’ iad, cairde linn fiú ach is féidir lenár ‘gcairde’ seo saolta daoine a scrios, uaireanta i ngan fhios dóibh féin fiú.

De réir taighde ón Ionad Éigeandála um Éigniú i mBaile Átha Cliath, bíonn aithne ag 91% de mhná ar na daoine a éigníonn iad. Is cairde linn iad roinnt mhaith de na fir. Fir atá an-deas, cairdiúil, greannmhar nach gceapfá riamh a dhéanfadh a leithéid, fir nach lorgaíonn cead nó go rómhinic a cheapann gurb ionann an focal ‘no’ agus go bhfuil iarracht níos mó ón mbean.

Caithfimid labhairt leis na daoine seo go hionraic, caithfimid a chur in iúl dóibh céard is cead ann agus caithfimid a chinntiú go dtuigeann siad nach nglacfar leis na rudaí atá á ndéanamh acu. Mar phobal caithfimid an sainmhíniú ar an ‘éigniú’ a shoiléiriú.

Samhlaímid go dtarlaíonn an t-éigniú i lána dorcha istoíche. I bhfad níos minice ná sin, áfach, is i seomraí leapa a tharlaíonn sé agus is cairde linn a bhíonn dár n-éigniú.

Tarlaíonn sé nuair nach lorgaítear cead, nuair atá daoine ró-ólta le cinneadh a dhéanamh agus nuair nach bhfuil spéis ag duine póg a thógáil níos faide.

Ní dheirtear ‘no’ i gcónaí. Caithfear comharthaíocht choirp na mná a léamh, ná fantar ar an ‘no’ — lorgaítear an cead ar dtús.

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, céard is féidir linn a dhéanamh chun an éigniú a laghdú? Conas is féidir linn an scéal a athrú, conas is féidir linn a chinntiú nach mbeidh ár gcairde á dhéanamh? Caithfimid mná a spreagadh lena scéalta a insint dá gcairde, caithfimid a chur in iúl do dhaoine an tábhacht a bhaineann leis an gcead, caithfimid a chur in iúl do dhaoine nach i lánaí dorcha amháin a éignítear mná agus caithfimid an ‘cead’ a phlé go hoscailte.

Is cuma cé na héadaí atá ar an duine, is cuma cén stair ghnéis atá aici, is cuma cén caidreamh atá ann, muna dtugtar cead soiléir is éigniú atá ann.

Faraor ní dóigh liom go bhfuil sé sin ar eolas ag daoine go fóill ach má thosnaímid plé oscailte faoi tá súil agam go mbeidh athrú ar an scéal do Lá Idirnáisiúnta na mBan in 2019.