‘Is cailín mór cróga anois mé…’

Tá mé ar ais i nDoire anois le hocht mí agus tá rudaí ag dul go maith anseo. Tá mé ag tabhairt faoi chúrsa iriseoireachta agus tá mé go hiomlán i ngrá leis an chúrsa sin. Is breá liom mo phost, tá caidreamh níos fearr agam le mo theaghlach anois ná mar a bhí riamh agus tá mé i bhfad níos sláintiúla go meabhrach agus go fisiciúil. Go fóill, mothaím ar nós go bhfuil rud éigin ar iarraidh ó mo shaol. 

Nuair a d’imigh mé chuig an ollscoil breis agus cúig bliana ó shin, d’imigh mo chairde ar fad leo fosta. Bhí muid chomh ar bís sin éalú ónár dtuismitheoirí agus saol nua a thoiseacht dúinn féin,. Chreid muid ar fad go dtiocfadh muid abhaile ina dhiaidh dúinn céimeanna s’againn a chríochnú agus go gcaitheadh muid ár saolta mar dhaoine fásta lena chéile ag dul amach fá choinne bróinse agus manglaim ar nós na mban i Sex and the City. Ach é lonnaithe i nDoire, ar ndóigh. 

Ach tá muid cúig bliana níos sine anois agus tá a saol féin ag mo chairde ar fad ar fud an domhain – cuid acu in Albain, cuid eile in Sasana agus beirt ina gcónaí ar an taobh iomlán eile den domhan san Astráil. 

Tá duine amháin acu a bhfuil cónaí air in Iúr Cinn Trá a thagann abhaile ag an deireadh seachtaine anois is arís ach seachas sin, níl duine ar bith eile de mo chairde scoile thart agus tá mé ag cineál ag streachailt leis sin. 

Tá cairde agam anseo. Tá cairde iontacha agam ar obair agus tá mo chroí istigh sna daoine I mo rang ach níl an saol anseo cosúil leis an saol a bhí agam i nGaillimh, nó an saol a shamhlaigh mé dom féin anseo. 

Ar ollscoil, bhí mé i mo chónaí le mo chairde agus chaitheadh muid achan lá agus oíche lena chéile ach anseo tá sé cineál ar nós go bhfuil cairde agam óna 9 go dtí a 5, Luan go hAoine, agus tá mé iontach uaigneach gan an comhluadar agus an tacaíocht sin thart orm i gcónaí.

Níl a fhios agam cén dóigh cairde nua a dhéanamh nuair atá a gcairde féin ag achan duine ó bhí siad beag nó fiú cén dóigh a rá leis na daoine thart orm go bhfuil mé ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh leo. 

Chuir mé i mo cheann féin é go bhfuil a saol féin acu agus nach féidir liomsa díreach sleamhnú isteach ann. Tá mé a rá liom féin le hocht mí anuas nach maith le daoine mé agus go bhfuil ag éirí go geal leo gan mé ina saol agus, cé go dtuigim go pointe nach bhfuil seo fíor, tá sé deacair gan é a chreidbheáil i ndiaidh dom é a rá liom féin go minic.

So is dócha gur ormsa atá an locht go bhfuil mé uaigneach, nó gur ar an imní agus an dúlagar atá sé. Ach mar sin féin, is fúmsa atá sé an fhadhb a réiteach. Ní bheidh a fhios ag daoine go bhfuil mé ag iarraidh am a chaitheamh leo mura gcuirim ceist orthu agus mura ndeirim go bhfuil mé uaigneach agus brónach, agus caithfidh mé an chuid eile de mo shaol ag fulaingt. 

Ach má tá rud amháin foghlamtha agam le cúpla bliain anuas is é gur mise an duine a dheireann na rudaí is measa fúim féin agus nach bhfuil mé leathchomh holc is a sílim.

Is cailín mór cróga anois mé agus is féidir liom seo a dhéanamh dom féin. Tá mé ag dul cnagadh ar dhoras mo charad anois le rá, “tú ag iarraidh teacht amach ag súgradh liom?”

Nó seans just go gcuirfidh mé téacs…