Is cuma liom ann nó as Seachtain na Gaeilge

An bhfuil seachtain na Gaeilge fós ag dul ar aghaidh? Nó coicís na Gaeilge nó cibé sa diabhal atá ann faoin am seo? Níl mé cinnte céard ba cheart dom a rá faoi i ndáiríre.

An maith liom é nó nach maith? An dea-rud atá ann don Ghaeilge nó ab é an chaoi nach bhfuil ann ach plámás le lucht an chúpla focal a choinneáil ciúin an chuid eile den bhliain? 

Duine ar bith a bhí ag coinneáil súil ar a raibh ag teacht amach as an Dáil ar Lá na Gaeilge beidh a fhios aige nach mórán a dúradh. Bhí cúpla Teachta Gaeltachta a thapaigh an deis agus a chuir fíorfhadhbanna Gaeltachta agus Gaeilge amach os comhair na Dála ach formhór den mhéid eile a dúradh an lá úd, céard a bhí ann ach “Is maith liom an Ghaeilge” agus “Tá an Ghaeilge tábhachtach”. A leithéid de chacamas.

Má tá sí chomh tábhachtach sin duit cén fáth nach labhraíonn tú fúithi ná nach ndéanann tú iarracht labhairt as Gaeilge an 364 lá eile den bhliain? Agus breathnaigh, tuigim nach bhfuil ann ach polaiteoirí ag iarraidh chuile vóta atá acu a choinneáil ach go sábhála Dia sinn, cuireann sé fearg orm amanta. Mura bhfuil tú ag gabháil beart a chur le briathar níl mé ag iarraidh é a chloisteáil.

Ach tuigim an taobh eile den scéal. Cén chúis eile i bpolaitíocht na hÉireann a fhaigheann lá iomlán airde? Cuireann Lá na Gaeilge an teanga faoi shrón na Dála agus iallach orthu ar a laghad aitheantas a thabhairt di mura ndéanann siad rud ar bith eile.

Agus d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Sheachtain na Gaeilge. Níl ann ach seans do chomhlachtaí an “cúpla focal” (grr…) a chur ar a gcuid táirgí agus níor cheart a bheith ag súil le rud ar bith thar an méid sin. Ach mar sin féin ar a laghad tá an méidín sin á fháil againn. Ní fearacht sin agus cúiseanna ná feachtais eile.

Ach cuireann plámás olc orm. Airíonn mé cineál mar a bheadh moncaí i sorcas nuair a bhíonn na laethanta agus na seachtainí seo ag dul ar aghaidh. “Acha thall an Gaeilgeoir. B’fhéidir go labhróidh sé beagán Gaeilge dúinn agus beidh muid in ann a bheith ag déanamh iontais faoi”. 

Agus an ceann is measa: “Oh I’d love to be able to speak Irish”. Foghlaim í, mar sin. Tuigim go bhfuil sí difriúil leis an mBéarla ach tá na rialacha níos seasta, níos doichte agus níos cinnte. Is de réir a chéile a thógtar caisleán. 

Ach bíonn rudaí maithe le feiceáil freisin. Tá comhlachtaí ann a dhéanann iarracht ar feadh na bliana ar fad. Dunnes Stores, mar shampla, a mbíonn earraí le Gaeilge orthu acu go mion minic.

Is iomaí uair a tháinig Mama amach as le cupán nó mata le cur taobh istigh den doras agus togha na Gaeilge scríofa orthu agus nuair a bhíonn sé caite ag bróga bíonn sí in ann a ghabháil isteach agus ceann eile a fháil gan stró.

Faoin Nollaig freisin bíonn piliúir agus maisiúcháin acu i nGaeilge agus shílfeá go bhfuil siad ag déanamh iarracht cheart leis an nGaeilge a chur os comhair phobal na hÉireann. Agus b’fhéidir gurb in é a theastaíonn. An Ghaeilge a chur os comhair na ndaoine agus a rá leo “Breathnaigh! Tá sí fós beo! Tá sí fós anseo! Níor fhág tú i do dhiaidh taobh istigh de sheomra scrúdaithe na hArdteiste í. Ná habair linne go bhfuil sí imithe!”. 

B’fhéidir gurb shin é a spreagfaidh muintir na hÉireann le súil cheart a chaitheamh uirthi agus gan í a chaitheamh i leataobh gan fiú smaoineamh a thabhairt di.

Mar sin coinnigh Seachtain na Gaeilge agus Lá na Gaeilge más maith leat nó caith in aer iad. Is cuma liomsa i ndáiríre. Is chuig comhlachtaí ar nós Dunnes atá mo mholadhsa ag gabháil, comhlachtaí atá ag déanamh fíoriarrachta ó cheann ceann na bliana.