Lá Domhanda Pógtha Sona daoibh
Déan dearmad ar Phóg na bhFrancach; tabhair dom Póg na bhFiann!

Tá a n-ainm in airde ag na Francaigh as a stíl phógtha, ach cad faoi Phóg na nGael nó Póg na bhFiann fiú, a théann an bealach ar fad go giar a sé!

Tá an Cailín sa Chathair linn le comhairle a chur orainn inniu, Lá Domhanda an Phógtha atá á cheiliúradh ar fud na cruinne!


Agus Lá Domhanda an Phógtha buailte linn, tá mé ag smaointiú siar ar na póga deasa a bhí agam leis an fhear reatha (sea, duine nua arís).

Póga séimhe, fadálacha, áille a chuireann mo chorp ar fad ar crith. Mmm…

Sin ráite, ní i gcónaí a bhíonn splanc ann láithreach agus póga ar siúl idir beirt.

Ag smaointiú siar ar mo thaithí féin, tá roinnt faux pas déanta agam féin agus ag daoine eile a d’fhág gurbh í an phóg an rud ba ghránna a tharla eadrainn.

Is rud thar a bheith tábhachtach í an phóg.

Is í an túsphointe í – an splanc, an teagmháil, an áit a gcothaítear an tsuim agus an paisean.

Sin má dhéantar i gceart í.

Mura ndéantar, bíonn sí fliuch, gránna, aisteach, míthaitneamhach agus míphléisiúrtha.

Is iomaí fear dathúil a scriosadh orm i ndiaidh dúinn na liopaí a lúbadh thart ar a chéile, i ndiaidh dó a theanga a shá isteach i mo bhéal mar a bheadh sealgaire ag cuartú bradáin le sleá, nó i ndiaidh dó a theanga fhada thanaí a shníomh isteach idir mo bheola mar a bheadh nathair nimhe ag sleamhnú idir carraigeacha fliucha.

Agus deireadh ráite, is maith linn uile rudaí difriúla.

An rud a chuireann olc ar dhuine amháin, cothaíonn sé suim i ndaoine eile. Mar sin de, cad é mar is féidir leat a thomhas cé acu stíl phógtha is fearr?


Póg an Alpaire

bad

Aghaidh ite agus fiacla ag bualadh ar a chéile mar chrogall ag am dinnéir.

Ní mholfainn tosú leis an chineál seo póige.

Díreach mar a bhíonn giaranna éagsúla ar ghluaisteán, caithfidh tú an phóg cheart a roghnú ag an am cheart agus gan do leathphógadóir a mheilt!


Póg na Seanmháthar

smooch

Liopaí druidte cruinn agus iad teannta le chéile: maróidh an phóg seo paisean ar bith atá ann.

Seo an phóg le roghnú ag deireadh dáta nár éirigh go rómhaith leis, póg a insíonn dó gan a dhul níos faide ach a thicéad bus abhaile a cheannach láithreach.


Póg an Chait

gentle

Liopaí boga, beagáinín níos scaoilte, ag smoocháil leo, ach gan an iomarca suime á léiriú, ar nós na gcat.

Is é seo mo thúsphointe féin dar liom, cur agus cúiteamh lena fheiceáil cé acu atá nó nach bhfuil an misneach aige bogadh ar aghaidh chuig an chéad chéim eile…


Póg na nGael

sexyrainkiss

…a bheirim ar an chéad leibhéal eile.

Murab ionann agus póganna na Fraince, níl an iomarca den teanga in úsáid, ach má bhíonn ár dteanga dhúchasach againn is amhlaidh is fearr.

Tá Póg na nGael fliuch, cumhachtach, ach tomhaiste, srianta.

Níl an teanga gan úsáid ar fad.

Tá paisean ann, agus in amanna rud beag coimhlinte; ach níos tábhachtaí ná sin, tá práinn leis agus móiminteam agus fuinneamh.

Tá Póg na nGael fíor-shexyáilte… Mmm…


Póg na bhFiann

Lips

Nuair a bhuaileann Póg na nGael le Póg na bhFiann, is ansin a bhíonn giar a 6 in úsáid, ach tá an t-imrothlú ard fós.

Tá an bheirt fiáin; tá siad lán paisin agus suime agus tá giota den srian bainte díobh.

San áit seo, mar a deir siad sa Bhéarla, anything goes.

Plaiceanna beaga bídeacha, ag tarraingt ar bheola, teanga ag seilg agus lámha ar fud na háite.

Sin flaitheas na nGael.

Ní tharlaíonn Póg na bhFiann díreach áit ar bith, ach i gcoirnéal dorcha i Sráid Fhearchair, nó i lár an urláir ag Oireachtas na Samhna, nó i gcúl cairr ar thrá fholamh thíos i dTír Chonaill nó os comhair na tine ag cóisir Ghaelach i ndiaidh amhrán agus damhsa ar an tsean-nós thiar i nGaillimh.

Ar nós an Ríordánaigh, deirim libh, Sin é do dhoras, buail agus osclófar, d’intinn féin is do phóg cheart.