Leanbh nua? Seo cnap mór airgid duit!


Tá bealach nua ag rialtas Oileán Niue dul i ngleic le fadhb an dídhaonraithe: airgead a thairiscint do dhaoine lena spreagadh páistí bheith acu.

Oileán beag san Aigéan Ciúin Theas é Niue a bhfuil níos lú ná 1,500 duine ina gcónaí ann.

Anois tá timpeall €1,300 á ofráil ag an rialtas do thuismitheoirí ar bith atá sásta páiste a thabhairt ar an saol agus a thógáil ar an oileán.

Mar an gcéanna le neart oileán sa dúiche, is fadhb mhór í an eisimirce ar Niue agus tá beagnach 24,000 duine de bhunadh an oileáin lonnaithe sa Nua-Shéalainn.

“Is dream neamhchoitianta muid mar mhuintir Niue agus tá sé tábhachtach go ndéanann muid gach iarracht pobal s’againn a choinneáil beo,” arsa urlabhraí de chuid an rialtais.

Ní Niue an chéad tír ar domhan lena leithéid de scéim a chur ar bun ar ndóigh.

Dhá bhliain ó shin, mar iarracht chun an meath mór sa daonra náisiúnta a thiontú, thosaigh rialtas na hIodáile ag tairiscint €80 sa mhí ar feadh trí bliana do thuismitheoirí le leanaí nua agus anois tá sé i gceist acu an méid airgid a ardú arís eile.

An mbeadh tionchar ag scéim mar sin ort féin agus ar do chéile agus sibh ag déanamh cinnidh páiste bheith agaibh?