Leanfar le hionsaithe ar rothaithe go dtí mbainfear na geataí aonfhir

Bhí uafás orm ar maidin nuair a léigh mé cuntas eile ó rothaí a ionsaíodh cois canála i mBaile Átha Cliath. Is annamh a dhéantar tuairisciú ar na hionsaithe seo ar na nuachtáin mhóra, ach tá siad thar a bheith coitianta ar an gCanáil Mhór, agus bíonn go leor cainte ann fúthu i measc an phobail rothaíochta. 

Roinn Yaman Umuroğlu a scéal féin ar na meáin shóisialta inniu faoin gcaoi ar bualadh go dona le le maidí miotail ar raon rothar na Canála Móire agus é ag rothaíocht abhaile aréir. Dúirt sé gur tháinig grúpaí buachaillí aniar aduaidh air ar an raon rothar, gur bhuail siad é, agus gur ghoid siad a rothar leictreach.

Rinneadh an t-ionsaí nuair a bhí Yaman stoptha ag ceann de na geataí aonfhir atá coitianta ar an raon rothar. Bíonn sé an-deacair ar rothaithe na geataí seo a úsáid mar gheall ar a amscaí is atá sé rothar a thabhairt tríothu. Is minic a bhíonn ar an rothaí a rothar a bhrú tríd an ngeata roimhe, é a tharraingt ina dhiaidh, nó é a chrochadh thar an ngeata. 

Is iondúil go mbíonn na geataí seo san áit a mbuaileann an raon rothar le bóthar mór carranna, agus maítear gur ar mhaithe le gluaisrothair bheaga a stopadh atá siad ann.

Ach is áit iontach iad le luíochán a dhéanamh roimh rothaithe. Níl le déanamh ag na gadaithe ach fanacht gar don gheata — agus is iondúil go bhfuil foscadh maith ann faoi dhroichead — agus an rothaí a ionsaí agus é ag streachailt leis an ngeata. 

Chuaigh mé féin siar ó Bhaile Átha Cliath go Maigh Nuad ag an deireadh seachtaine, agus aniar arís, agus ba iad na geataí aonfhir an bac is mó a bhí orm ar an turas sin, cé is moite den chuid de chosán na canála nach bhfuil forbartha.

Bíonn go leor cainte ann faoi na bacanna atá roimh an ngnáthdhuine a bheith ag rothaíocht san ardchathair, agus ar fud na tíre. Is í an tsábháilteacht an cheist is mó a tharraingítear anuas sa bplé seo, agus thuigfinn go maith do dhuine, go háirithe do bhean, a mbeadh drogall uirthi a bheith ar raon rothar na canála. Leanfar leis na hionsaithe seo go dtí go mbainfear na geataí aonfhir.

Agus mé ar mo thuras mór rothaíochta chun na Gréige anuraidh, ní fhaca mé a leithéid de gheata áit ar bith seachas in Éirinn agus sa mBreatain. Casadh teaghlach óg orm ar an mbád ó Dhobhar Shasana go Dunkerque na Fraince a bhí tar éis a gcuid laethanta saoire a chaitheamh ag rothaíocht ón Ísiltír trí Shasana agus a bhí ar an mbealach abhaile tríd an bhFrainc.

Tháinig siad óna dteach féin san Ísiltír ó Oostende Fhlondrás go Whitby i Sasana, thug turas rothaíochta ó Whitby go Dobhar, agus bhí ag súil leis an turas a chríochnú ó Dunkerque abhaile. Bean, a fear, agus a mbeirt pháistí a bhí ann, duine amháin acu ar a rothairín féin, agus duine beag eile i gcarráiste rothar.

Dúirt siad nach dtiocfadh siad go Sasana choíche mura mbainfí na geataí aonfhir seo, a chuir bac ollmhór orthu. B’éigean dóibh an fearas rothaíochta a bhaint as a chéile agus a chur ar ais le chéile chuile uair a tháinig siad ar gheata.

Má tá muid dáiríre faoin éigeandáil aeráide agus faoi shábháilteacht na ndaoine ar mhaith leo a gcuid a dhéanamh ar son an chomhshaoil, ba cheart d’Uiscebhealaí na hÉireann na geataí contúirteacha seo a bhaint anois díreach.