Madraí dúchais na hÉireann — cé hiad féin?

Inniu Lá Idirnáisiúnta na Madraí, agus táthar ag roinnt pictiúr de mhadraí go tréan ar fud na meán sóisialta. Go deimhin, tá na scórtha pictiúir de mhadraí Gaelacha roinnte ag léitheoirí NÓS linn ar ár leathanaigh Twitter agus Instagram.

https://twitter.com/nosmag/status/1298594901031038979

Aithníonn Fédération Cynologique Internationale [Cónaidhm Idirnáisiúnta Madraí], nó an FCI, 339 pór éagsúla madraí, agus roinntear iad sin ina ndeich gcatagóir: madraí caorach, brocairí, spitsí, madraí bolaíochta, sotair, aimseadóirí, broc-chúnna, measáin, cúnna amhairc, agus maistíní. 

Tá stair an-fhada ag an madra in Éirinn, agus iad sa dúchas anseo leis na céadta blianta. Luaitear madraí agus a gcaidreamh le daoine i scríbhinní chomh fada siar leis an gcúigiú céad, agus cé go bhfuil cuid de na póranna a bhíodh in Éirinn imithe anois, glactar leis go forleathan go bhfuil naoi ‘bpór dúchais’ fanta sa tír sa lá atá inniu ann. 

Tá cuid acu thar a bheith cáiliúil in Éirinn agus níos faide i gcéin — ar nós an chú faoil, a shamhlaítear go minic leis an nGaelachas, nó an sotar rua atá ar lógó Bhus Éireann. Tá póranna eile nach bhfuil leath chomh cáiliúil céanna: brocaire Uí Mháil nó an brocaire gorm, mar shampla. 

Seo liosta de na naoi bpór dúchais atá againn in Éirinn. An bhfuil madra dúchais agatsa? Roinn ar na meáin shóisialta linn é!

An Brocaire Gorm

Bhí brocaire gorm ag Mícheál Ó Coileáin — Convict 224 —  madra a bhuaigh duaiseanna náisiúnta. Meastar gur ainmníodh an brocaire gorm sin as Aibhistín de Staic a bhí i gcarcair Lewes faoin ainm ‘Convict 224’, nó go mbaineann sé leis an tréimhse a chaith an Coileánach féin in Frongoch. Rinne an Fear Mór iarracht ‘madra náisiúnta na hÉireann’ a dhéanamh den bhrocaire gorm, fiú, ach maraíodh é sular éirigh leis an t-acht Dála a chur tríd. 

An Spáinnéar Uisce 

Is madra éirimiúil é an spáinnéar uisce, agus meastar gur as madraí a tháinig go hÉirinn ón bPeirs, tríd an Spáinn, a d’eascair an pór dúchais seo. Is mistéir de chineál éigin oidhreacht an mhadra áirithe seo, agus níltear go hiomlán cinnte cé as a dtáinig sé.

An Sotar Rua agus Bán

Cé gur mó an cháil atá ar an sotar rua [féach thíos], meastar gur sine an pór seo ná an sotar eile dúchais. Go deimhin, bhíodh mearbhall ar na úinéirí madraí féin faoin dath a bhí ar na madraí seo i dtreo dheireadh na 1800idí mar gheall ar a choitianta is a bhí an sotar rua faoin am sin. Madraí gunna a bhí, agus atá fós, sna madraí seo agus an creach is mó a bhíonn acu ná éin. 

Brocaire Uí Mháil

As Gleann Uí Mháil, mar a thugann an t-ainm le fios, a tháinig an pór seo an chéad lá. Tugtar ‘Wicklow Terrier’ air i mBéarla ó am go chéile freisin, ach is minice fós a thugtar ‘Glen Terrier’ air. Meastar gur eascair an pór seo as madraí a thug saighdiúirí as an Mór-Roinn a tháinig go Cill Mhantáin leis an réabhlóid a bhí ar bun ag na Gaeil ann a chur faoi chois. Sa lá atá inniu ann, tá an brocaire Uí Mháil ar cheann de na póranna is mó i mbaol ar domhan. 

An Sotar Rua 

Irish Setter, Irish Red Setter

‘The Irish Setter’ a thugtar ar an madra seo taobh amuigh d’Éirinn, ach ‘sotar rua’ an t-ainm Gaeilge atá air, agus ‘red setter’ a thugtar air i mBéarla na hÉireann. Seans gurb é seo an madra dúchais is aitheanta sa tír mar gheall ar Bhus Éireann. Ba shotar rua ‘Big Red’ sa scannán Disney Big Red a eisíodh in 1962, agus bhí sotar rua ag an uachtarán Richard Nixon agus é sa Teach Bán in 1969. Sotar rua a bhí ag croí conspóide in 2012 agus Mitt Romney ag seasamh don uachtaránacht chéanna — thiomáin sé ar feadh 12 uair an chloig óna theach in Massachusetts go Ontario, rud a tharraing cáineadh le linn an fheachtais toghchánaíochta. 

An Brocaire Rua

Meastar go bhfuil an brocaire rua ar cheann de na brocairí is sine ar domhan. Meastar go bhfuil gaol acu leis an mbrocaire gorm agus an brocaire buí [féach thíos]. Scríobh an t-údar cáiliúil Meiriceánach Jack London — a scríobh Call of the Wild agus White Fang — dhá leabhar faoi bhrocairí rua: Jerry of the Islands agus Michael, Brother of Jerry. Sular roghnaigh Ollscoil Notre Dame i Meiriceá an leipreachán mar shonóg d’fhoirne spóirt na hollscoile, bhí brocaire rua acu. 

An Brocaire Buí

‘Cú faoil an duine bhoicht’ mar a thugtaí air sa tír seo fadó, fearacht an bhrocaire rua tá an madra seo in Éirinn le breis agus dhá chéad bliain. In ainneoin sin níor glacadh leis go hoifigiúil mar mhadra dúchais na hÉireann go dtí 1937. Brocaire buí atá le feiceáil sa bpictiúr cáiliúil a phéinteáil an t-ealaíontóir Éireannach Frederic William Burton The Aran Fisherman’s Drowned Child

An Pocadán 

Madraí fiaigh iad seo ó cheart agus an creach a bhíodh á lorg acu ná an fia rua, a bhíodh go fairsing ar fud na hÉireann. Tá madraí an lae inniu ábhairín níos lú ná mar a bhí a sinsir agus is ar thóir an tsionnaigh agus an ghiorria a bhíonn siad anois. D’fhulaing an pocadán go mór le linn an Ghorta Mhóir agus tháinig laghdú mór ar a líon le linn an Drochshaoil, ach tá siad i bhfad níos coitianta anois arís. De réir an tseanchais, ba é Naoi féin a thug an pocadán go hÉirinn san Áirc — tháinig an bád mór i dtír ar Chnoc Mór na nGailbhte, más fíor do na scéalta!

An Cú Faoil 

Seo an madra dúchais is cáiliúla dá bhfuil ann, agus is minic a mhaítear go bhfuil sé ar cheann de na madraí is mó ar domhan. An cú ar mharaigh Seadanta óg é sula bhfuair sé an t-ainm Cú Chulainn, deirtear gur cú faoil a bhí ann go minic, agus is minic iad i bpictiúir 19ú agus 20ú hAois a bhfuil téamaí an Ghaelachais agus an náisiúnachais le braith iontu. Bhí sceon ar na Rómhánaigh féin roimh an canes Scotici a throideadh le leoin agus béir. Meastar gur cúnna faoil a mharaigh an mac tíre deireanach in Éirinn, i gContae Cheatharlach.