Mara Duit! Cartaí agus priontaí as Gaeltacht Thír Chonaill ar díol ar shiopa nua ar líne

Tá a siopa ar líne féin seolta ag an dearthóir grafaicí Póilín Nic Géidigh – Mara Duit. Tá Póilín, clár-reachtaire le RTÉ RnaG agus iar-iriseoir de chuid na hirise seo, lonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill, agus is ann a chruthaíonn sí na cartaí agus priontaí atá ar díol ar Mara Duit.

Tá réimse leathan tairgí ar fáíl ar an suíomh, tairgí a bhíodh á ndíol aici ar an suíomh miondíola Etsy roimhe seo chomh maith le tairgí úrnua nach bhfacthas cheana.

Cé gur mar chlár-reachtaire atá Póilín ag obair anois, agus go mbíodh sí ina hiriseoir le NÓS, tá a croí san ealaín agus sa dearadh agus tá aithne mhaith ag léitheoirí NÓS uirthi mar gheall ar na ranganna iontacha ealaíne a rinne sí linn ar Instagram le linn na chéad dianghlasála i mbliana.

View this post on Instagram

A post shared by NÓS (@nosmag) on

I measc na gcartaí atá ar díol ar an suíomh, tá cártaí breithlae, cártaí comhbhróin, cartaí buíochais, agus sraith nua cártaí Nollag. Tá trí phrionta ar fáil freisin ar an siopa faoi láthair.

Is féidir cuairt a thabhairt ar Mara Duit anseo.