Mothaím mar ghnáthdhuine – compordach i mo cholainn féin agus bródúil aisti

An bhliain seo caite, scríobh mé alt faoin mo thaithí féin mar fear trasinscne anseo in Éirinn. Bhí mé ag obair mar chúntóir ar chúrsa samhradh an uair sin, chun airgead a shábháil. Bhí mé an-bhródúil gur foilsíodh alt liom, mar b’fhéidir gur chabhraigh sé le duine éigin eile. 


An lá céanna, fuair mé teachtaireacht ó Midas Productions, a chonaic an t-alt agus a bhí ag iarraidh caint liom. Bhí mé ag dul suas go Baile Átha Cliath ar feadh cúpla lá don Pop Up Gaeltacht, Oíche ‘Bród’ i gClub an Chonartha agus an mórshiúl ar an Satharn. Bhí na mná cineálta ó Midas ag iarraidh clár faisnéise a cruthú faoi théama an trasinscnechais in Éirinn.


Ansin, tharla gach rud go tapa: tús mhí Iúil a bhí ann, agus bhí mé le dul faoin scian ar an 25 Iúil. Fuarthas an cead taifead a déanamh orm féin agus mo chailín, Victoria. Bhí cúpla lá an-fhada ann sular thug TG4 an cead an clár a cruthú.


Ní raibh ach máinlia amháin in Éirinn a dhéanadh an bharrmháinliacht ar fhir trasinscne, ach d’éirigh sí as a post. Bhí orm (agus roinnt daoine eile!) mo chuid airgid a shábháil agus dul thar lear go dtí an Pholainn. Socrú aisteach é seo, mar ní bhítear go róchineálta leis an phobal LADT sa Pholainn.


Ach is laoch é an Dochtúir Lembas, an fear a rinne an obair ormsa, agus níl a shárú ann mar mháinlia. Bhí mé compordach agus an-sásta leis an gcuma a bhí orm tar éis na hobráide. Bhí orm fanacht thall sa Pholainn ar feadh coicís in AirBnB, fiche nóiméad ón ospidéal.


Ansin, ar an lá deireanach, thóg an t-altra na greamanna as mo chliabhrach agus sheas mé os comhar an scátháin. Bhí saoirse as an nua agam. Tar éis coicíse, ní raibh ach dhá líne thanaí orm, agus ba bheag lorg den obráid a bhí fágtha.


Ní gá dom a bheith ag cur brú ar mo chliabhrach níos mó, agus chun an fhírinne a rá, ní bhím ag smaoineamh ar na coilm atá orm go minic. Ní rud mór é anois, mar mothaím mar ghnáthdhuine – compordach i mo cholainn féin agus bródúil aisti.