‘Nár chaithe muid an modh foshuiteach sna fataí lofa’

Bhí mé ag caint le mo chol ceathrar an lá cheana agus th’éis dúinn comhrá beag a bheith againn faoi mo thuras go Meiriceá dúirt sé “Bíodh time agat thall ann”. B’fhéidir nach gceapfá go bhfuil fadhb ar bith leis sin agus tá mé cinnte faoi cheann deich mbliana, nó mar sin, go nglacfar leis go hiomlán. 

I mBéarla deirtear “Have a nice day” mar sin cén fáth nach ndéarfadh muide “Bíodh lá deas agat”?

Anois níl mé ag fáil locht ar bith ar mo chol ceathrar (is towny é mar sin thuigfeá dó), agus go dtí le cúpla bliain anuas ní raibh a fhios agam féin nach raibh sé ceart. Is Gaeilgeoirí muid i saol an Bhéarla agus mar sin bíonn teanga na Banríona go seasta síoraí á brú isteach inár n-intinn, trínár súile agus trínár gcluasa.

Mar sin, bíonn muid i gcónaí ag dul ón mBéarla go Gaeilge le chuile shórt agus tá sé i bhfad níos éasca ag an intinn rud a aistriú go díreach, i bhfoirm atá ceart i gcomhthéacs eile, ná an iarracht bhreise a bhaineann le modh gramadaí nach dtuigeann go leor againn go hiomlán a chur isteach inár stór Gaeilge. 

Ansin, má tá d’intinn ag déanamh an ruda chéanna arís agus arís eile, cuirfidh sí an dallamullóg uirthi féin agus cuirfidh sí ina luí ort nach bhfuil an rud sin mícheart. 

Chomh maith leis sin, cloiseann muid i gcónaí é ag teacht ó dhaoine eile nach ndéanann imní faoin gcineál sin ruda, agus glacann an intinn leis sin mar fhianaise go bhfuil sé ceart. 

Agus ó tharla go bhfuil muid th’éis glacadh leis ní chloistear an modh foshuiteach sa gcaint níos mó seachas “go raibh maith agat”, “go bhfóire Dia ort” agus, má tá do dheaide chomh haisteach le mo cheannsa, “go mba hé duit”.

An ceann is deise liom féin ná “go dtuga an diabhal coirce duit ‘s clocha beaga thríd”. Sin ceann a thug aintín mo mhama dom (agus ceann a bhain geit as mo mhúinteoir Gaeilge nuair a bhéic mé amach sa rang é nuair a bhí sí ag cuartú samplaí de bheannachtaí agus de mhallachtaí).

Don té a bhfuil suim aige ann, tá alt i leabhar Iób sa mBíobla atá go hiomlán sa modh foshuiteach (Iób 3:1-10) agus nuair a léigh mé é bhí glór beag i gcúl mo chinn a dúirt “aww class”. (Tuigim gur nerd mé)

Cé chomh minic a chloiseann tú “go raibh lá deas agat” ar aon nós? Airíonn sé cineál aisteach é a rá mar nach bhfuil cleachtadh agam air. Ach tiocfaidh sé le húsáid mar a tháinig focla eile isteach i mo chuid cainte th’éis iad a úsáid d’aon cheird go minic le n-iad a ghreanadh i m’intinn.

Anois tuigim, nuair a thosaíonn cuid den ghramadach ag imeacht, gur fusa an taoille a chasadh le píce ná é a tharraingt ar ais in úsáid ach cuir an cheist ort féin: “nuair a bheidh an foshuiteach imithe, cén chéad rud eile a fhágfaidh muid sna fataí lofa?”. 

Tá sé seo tarlaithe cheana féin leis an tuiseal tabharthach. Cén fáth gur Éirinn agus Albain a thugtar ar Éire agus Alba? Mar cé gur Éire agus Alba an t-ainm atá orthu nuair a théann tú ann bíonn tú in Éirinn nó in Albain mar sin d’athraigh muid go dtí an tuiseal tabharthach ach níor bhac muid athrú ar ais.

Impím ort mar sin, a léitheoir, iarracht a dhéanamh an modh foshuiteach a fhí isteach i do chuid cainte agus an modh ordaitheach a chur ar leataobh go dtí go mbuailfidh racht feirge thú.

Nár laga Dia thú agus go dtuga Dia slán thú.