Ní hí an Ghaeilge amháin a mhúintear sa choláiste samhraidh…

“Cuirfidh seisean a lámha ar do chorróga, cuirfidh tusa do lámha timpeall a mhuiníl. Claonfaidh sibh i dtreo a chéile agus má chromann seisean a cheann ar chlé, cromfaidh tusa do cheannsa ar dheis. Cuirigí bhur mbéal lena chéile agus gobann tú do theanga isteach is amach cúpla uair. Ná déan ciorcail le do theanga, ní theastaíonn ó éinne “washing machine” a shifteáil.”

Ní hí an Ghaeilge amháin a mhúintear sa Ghaeltacht. 

Tá os cionn 3,000 leantóir anois ag an gcuntas ‘Gaeltacht X’, a mhaíonn go dtabharfaidh sé eispéireas na Gaeltachta don aos óg, nach mbeidh in ann freastal ar chúrsaí samhraidh mar ba ghnách le déagóirí na hÉireann le cuimhne na gcat. 

Molaim go mór an obair atá ar bun ag foireann Gaeltacht X agus ag Conradh na Gaeilge, atá taobh thiar den bhfeachtas. Tá ábhar cruthaitheach, ildaite, mealltach á chur amach acu a mbeidh spéis ag daoine óga ann; ó mhíreanna grinn ar TikTok go hagallaimh le haíonna aitheanta ar nós an vlagadóra Clisare. 

Mar sin féin, is féidir liom cúpla rud a shamhlú a gcuirfeadh an t-aos óg níos mó spéise ann…ach lena gceart a thabhairt do mhuintir Gaeltacht X, b’fhéidir go mbeadh sé místuama an t-ábhar áirithe sin a fhoilsiú ar chuntas Instagram poiblí, más spéis leo gearáin ó thuismitheoirí a sheachaint.

Chonac alt a scríobhadh ar The Irish Times cúpla seachtain ó shin dar teideal “The Gaeltacht was basically a sex camp established by Éamon de Valera”. Ar ndóigh, ní raibh sa teideal ach clicmhealladh cliste — ach dealraítear domsa go raibh blaiseadh na fírinne taobh thiar de. 

An chéad bhliain a d’fhreastalaíos ar chúrsa Gaeilge, ba bheag bídeach an méid Gaeilge a thugas abhaile liom ina dhiaidh, ach bhí roinnt mhaith foghlamtha agam faoi chúrsaí an tsaoil. B’fhéidir nach raibh baint ag Éamon de Valera leis an scéal, ach ní féidir a shéanadh go mbíonn an paisean ina chuid lárnach de chúrsa Gaeltachta ar bith.

Ba sa Ghaeltacht a phóg mé buachaill den chéad uair. Is rímhaith is cuimhin liom eagla mo chraicinn bheith orm agus mé ag smaoineamh ar a raibh le déanamh. Ar ndóigh bhí am agus áit socraithe ag ar gcairde don bpóg chinniúnach agus níor ith mé pioc dinnéir an tráthnóna sin mar gheall ar na cearthaí a bhí orm. 

Ní raibh aon lámhleabhar ar fáil le mé a threorú, ní raibh aon chlár teilifíse feicthe agam cuidiú liom agus is cinnte nár phléigh muid sna ranganna gramadaí an mhaidin úd conas a thabharfá faoi bhuachaill a phógadh den chéad uair. 

Bhí mé ar tí tarraingt amach as an mbeart ar fad nuair a tháinig cara i gcabhair orm, cailín darb ainm Áine a raibh níos mó den saol feicthe aici (is é sin le rá go raibh triúr buachaillí pógtha aici cheana féin). Ba ise a thug na treoracha luachmhara dom a chonaic sibh ag tús an ailt seo. 

Murach í, ní bheadh sé de mhuinín orm an chéad bhuachaill sin a phógadh. Murach an choláiste samhraidh, ní chasfainn uirthi. Murach an Ghaeilge, ní bheadh leithscéal agam filleadh ar ais ar an gcoláiste céanna le tuilleadh ceachtanna a fhoghlaim; conas a bheith neamhspléach ón mbaile, conas cairde a dhéanamh a d’fhanfaidh liom fad mo shaoil, conas titim i ngrá buan bliain i ndiaidh bliana…

Buíochas le dia, tá Gaeltacht X againn leis an nGaeilge a spreagadh i measc na ndaoine óga an samhradh seo, ach ar mhaithe lena n-oideachas seach-churaclaim, tá súil agam go n-osclófar na coláistí samhraidh chomh luath agus is féidir.