Ní imíonn lá nach mbíonn orm ceist a chur ar mhama faoi Leagan Cainte atá aici…

Rud amháin a thugaim faoi dearadh fúm féin óna bheith ag labhairt le mo mhama agus a muintir ar fad (a haintín ach go háirid) ná go bhfuil an Ghaeilge féin ar mo thoil agam (cé gur ar éigin é i ndáiríre) ach go bhfuil saibhreas teanga gann orm. Ní imíonn lá nach mbíonn orm ceist a chur ar mhama céard a bhí i gceist aici le cibé cén leagan cainte a d’úsáid sí an lá sin. B’fhéidir nach údar náire ach seans foghlamtha í an cheist sin ach sin go díreach a airíonn mé. Náire. 

Bíonn faitíos orm an cheist a chur uaireanta le faitíos go ndéanfainn amadán díom féin. Nach in í an teanga lenár tógadh mé? Cén chaoi nach bhfuil na rudaí seo ar eolas agam? Buíochas le Dia, tugann mé an cic sa tóin dom féin go hiondúil leis an gceist a chur agus leagan as mo chuid amaideachta. Tá liosta leaganacha cainte á chnuasach agam ar m’fhón dá bhrí sin agus bíonn sé ag fás de réir a chéile.

Bhí mé ag glacadh sosa ó mo chuid ceachtanna ollscoile an lá cheana (rud a bhíonn ag tarlú níos minice agus muid ag teannadh le saoire na Nollag) agus chas mama suas an fhuaim ar an raidió díreach nuair a bhí mé ag tarraingt na cluasáin anuas de mo phastae agus céard a bhí le cloisteáil ach an t-athchraoladh atá Raidió na Gaeltachta a dhéanamh ar an gclár a chuaigh amach ar an aer ar dtús sna 90idí: Leagan Cainte. “Éist leis seo,” a dúirt mama “Tá an clár seo go maith”.

Spoiler alert: Bhí sé thar barr!

Bhí leagan amach an chláir thar a bheith simplí. Bhí scaití nuair a bhí mé féin lagaithe ag gáire mar gheall ar an tsimplíocht a bhain leis an gclár le hais mheáin an lae inniu. Is é an leagan amach a bhí air an lá áirid seo ná gur sheol fear as Inis Meáin litir isteach chuig an gclár agus ní raibh sa litir ach liosta d’fhocla a deirtear in Árainn (na Gaillimhe) agus is “deireann muide é seo ach deirtear é siúd i gConamara” a bhí curtha le chuile fhocal aige. 

Bhí painéal de thriúr tarraingthe le chéile acu leis an litir a phlé leis an láithreoir. Labhair siad faoi na focla agus faoi na bríonna difriúla a bhí acu i nGaolainn na Mumhan, i nGaeilge Chonnacht agus i nGaeilig Uladh. 

Bhain mé an-sásamh as mar chlár. Bhí sé níos cosúla le podchraoladh ná le gnáthchlár raidió i ndáiríre. Ach tá sé thar a bheith tábhachtach mar chlár mar gur aithin na daoine seo ag an am go raibh laghdú agus ídiú á dhéanamh ar shaibhreas na teanga agus go raibh sé tábhachtach taifead a dhéanamh ar an méid a bhí ar eolas acu féin le nach gcaillfí go brách é. Is acmhainn thar a bheith luachmhar é an clár seo agus tá mé féin chomh buíoch gur dearnadh é agus go bhfuiltear á chraoladh arís.

Bíonn sé á chur amach go seachtainiúil óna 12:30 go dtí 13:00 chuile Dhéardaoin agus molaim go mór do dhuine ar bith a ghabháil ag éisteacht leis má tá sé d’am acu nó é a chur ag imeacht ar an seinnteoir atá ag RnaG mar tá sé thar a bheith suimiúil.