‘Ní raibh an gliondar céanna ar mo dheirfiúr faoin mbronntanas a fuair mé…’

An lá cheana bhí mé féin agus mo mhuintir ag fanacht go bhfiuchfadh an citeal th’éis dúinn béile álainn uaineola a réitigh Deaide a chríochnú. D’oscail Mama a fón agus bhí téacs faighte aici ó chara léi. Léigh sí an téacs amach os ard agus dúirt sí “A Dhomhnaill, d’fhág an bhean seo (ní thabharfaidh ainm uirthi ar fhaitíos na bhfaitíos) cúpla rud amuigh sa gcró dom agus tá ‘leabhar ann do Dhomhnall’. Gabh amach agus tabhair isteach iad”. 

Bhuail fiosracht mé. Meastú céard a bheadh ann? Tá a fhios ag an mbean seo go bhfuil suim agam sa nGaeilge, san amhránaíocht agus sa stair. Meastú an bhfaca sí leabhar éicint a cheap sí a mbeadh suim agam ann? Bhuel cibé céard a bheadh ann bhí mé ag súil go mór leis.

Chuaigh mé isteach sa gcró, sheas mé thar an tairseach agus nuair a chas mé ar dheis céard a bhí romham ach an leabhar mór dearg seo agus scríofa i litreacha órga ar an gclúdach bhí: “An Bíobla Naofa”.

Níor fhéad mé é a chreistiúint. Rug mé air agus rith mé ar ais isteach sa teach mar a bheadh gasúr Lá Nollag. “Acha, acha, acha” (“Féach é” i nGaeilge Chois Fharraige) “Acha céard a thug sí dom!”. 

Ní cheapfainn go mbeidh iontas ort nach raibh an oiread céanna gliondair ar mo chuid deartháireacha ná ar mo dheirfiúr agus a bhí ormsa. Bhí mo chuid tuismitheoirí beagán níos gaire don leibhéal ar a raibh mé féin.

Bhí mé féin chomh ríméadach sin mar gur cheap mé nach bhfeicfinn cóip dheas den Bhíobla go brách. Ón uair a tháinig an leagan a bhí agam roimhe seo sa bposta i mí an Mhárta bhí mé ar thóir leagan deas ach ní raibh ceann le fáil. 

Bhí beagnach 300 leathanach léite agam den leabhairín beag bídeach sin. Leathanaigh níos lú ná A5, clúdach bog agus scríbhneoireacht a bhí beagnach doléite fiú do shúile óga. Bhíodh orm na leathanaigh a lúbadh amach le go bhféadainn an méid a bhí brúite isteach sa lár a léamh agus mura mbeadh an soilsiú díreach ceart ní bheadh seans agat focal ar bith a dhéanamh amach. 

Ach mar gheall nach raibh mé in ann ceann mór deas a fháil bhí mé th’éis géilleadh don bhríce beag doléite sin. Agus sin é an fáth a raibh mé, agus an fáth a bhfuil mé fós, chomh buíoch den bhean sin.

Ach chuir sé sin ag smaoineamh mé. Cén fáth sa diabhal (hehe) nach bhfuil cóipeanna deasa mar sin á gcur i gcló agus á ndíol níos mó? Chuala mé ó chara liom go raibh An Bíobla Naofa ar cheann de na leabhra Gaeilge ba mhó a ceannaíodh ag tús an dianghlasála. B’fhéidir go raibh cúpla duine eile th’éis an dúshlán céann a leag mise romham féin a thosú freisin — an chuid is mó de a léamh agus ab fhéidir. 

Níl mé cinnte nach raibh a fhios ag na daoine sin, ach an oiread liom féin, baileach céard a bhí le theacht ó fhear an phoist agus chuirfinn geall go raibh siad chomh díomách agus a bhí mise nuair a chonaic siad an rud a tháinig.

An té atá ag ceannacht an Bhíobla cheapfá gur duine é a bhfuil suim aige ann nó go bhfuil sé á cheannach do dhuine éicint a bhfuil suim aige ann. Más duine thú a bhfuil suim agat sa mBíobla, tá mé cinnte go dtaitneodh cóip bhreá shoiléir leat mar gur leabhar é a mbítear ag dul ar ais chuige arís agus arís eile ag cuartú comhairle nó freagra nó fiú cúpla líne scrioptúir le cur i bpíosa scríbhneoireachta. Shílfeá, mar sin, thar leabhar ar bith eile, go mbeadh fáil ar leaganacha deasa di don té a bheadh á n-iarraidh.

Thug Mama ceann do Dheaide an lá a phós siad, fuair m’aintín agus m’uncail ceann an lá a phós siad féin. Nach suarach na bronntanais a bheadh iontu sin dá bhfaigheadh siad an rud a fuair mise sa Márta?

Mar sin tá dhá rud le rá agam sula mbaileoidh mé liom:

 Ar an gcéad dul síos más foilsitheoir thú mholfainn duit nó d’iarrfainn ort smaoineamh cóipeanna slachtmhara de leabhra mar í seo a dhíol.

Agus don té a bhronn an leabhar álainn seo orm. Tá a fhios agam gur ar an gcolún a fuair tú amach go raibh mé ar a tóir agus má tá tú á léamh seo ba mhaith liom buíochas mór eile a ghabháil leat. Tá mé thar a bheith buíoch.