“Ní raibh éalú ar bith uaidh anois, bhí mé go hiomlán gafa leis.”


Ar feadh beagnach ceithre bliana bhí fadhb ag Naoise Ó Cairealláin le cearrbhachas. Roinneann sé a scéal pearsanta faoin andúil anseo.


An chéad lá a chuir mé geall, is cinnte nár shíl mé go mbeinn na mílte punt i bhfiacha faoin am go raibh mé sna fichidí luatha, ach sin mar a tharla sé.

Chaith mé mo chéad gheall agus mé thart fá 15 bliana d’aois.

Ba ghnáthrud le déanamh é ag an aois sin thart fá mo cheantar féin in iarthar Bhéal Feirste agus cha raibh fadhb ar bith ag an gheallghlacadóir leis.

Chuir muid airgead ar an sacar achan Satharn agus, cé nach raibh mórán suime agam féin sa spórt sin, fuair mé bús maith uaidh agus na torthaí ag teacht isteach.

Tá sé coitianta go maith geall a chur ar an pheil anseo – agus níl easpa áiteanna ann leis an bheart a dhéanamh.

In aice le mo theachsa tá 5 gheallghlacadóir taobh istigh d’achar 10 mbomaite.

Ba ghnách linn dul chuig an gheallghlacadóir is faide ón teach, ar eagla go bhfeicfeadh ár dtuismitheoirí muid.

De réir a chéile, is beag an bús a fuair mé ó gheall £3 a roinnt idir 20 foireann sacair.

Níor bhain muid ariamh, agus níorbh fhada go raibh muid meallta i dtreo na n-inneall Roulette agus cártaí.

Chaith muid laethanta fada ar na hinnill seo.

Thiocfadh leat suas le £500 a chur ar gheall amháin Roulette, nó uaireanta a chaitheamh le Poker, biongó, Jacks or Better, nó cúpla punt a chur ar chúnna bréagacha fiú amháin.

Ní raibh teorainn leis, agus bhí bús den scoth ann.

D’éalaigh tú, ní raibh aon rud ar d’intinn ach an cluiche agus an t-airgead.

Sprioc mhór shoiléir amháin – airgead a shaothrú.

Bhuel b’fhéidir nach ‘saothrú’ an briathar ceart ach tuigeann sibh.

Bheadh teaicticí agam, nósanna chun an dallamullóg a chur ar an gheallghlacadóir.

Shíl mé gur sórt draoi a bhí ionam le scileanna faoi leith.

Bhí dúil agam in uimhreacha áirithe.

17 dubh, 20 dubh, 36 dearg, 3 dearg agus 27 dearg.

Nuair a thitfeadh an liathróid Roulette ar na huimhreacha sin bheinn ag bocléimnigh thart ar an gheallghlacadóir.

Cha dtiocfadh an mothú sin a shárú.

De réir a chéile thosaigh mé féin agus cairde liom ag freastal ar an casino go rialta.

Áit mhór Roulette, cártaí agus tae saor in aisce go dtí na huaireanta beaga ar maidin.

Ní hamháin sin ach achan lá, ar uair an mheán oíche, cuireadh dinnéar ar fáil duit.

Shíl muid gur sna flaithis féin a bhí muid.

De réir a chéile, imíonn an bús agus ardaíonn tú an geall arís is arís eile chun an t-aidréanailín a choinneáil ag rith fríd do chorp.

Faoin deireadh bhí muid ag cur breis agus £150 ar gheall amháin.

An liathróid Roulette ag dul thart agus thart agus thart.

Corruair bhí an t-ádh ort, ach formhór den am, 99% den am, ní raibh.

Agus fiú má bhíonn an t-ádh ort, is diabhal aindiúlaí thú – cuireann tú é ar fad ar gheall eile é ar scor ar bith!

Ní raibh éalú ar bith uaidh anois, bhí mé go hiomlán gafa leis.

Bheinn ag fáil iasachtaí ó chairde.

Chaill mé mo chuid iasachtaí mac léinn ar fad, mo chuid pá ón obair.

Fuair mé iasacht eile ón bhanc agus ó Wonga, seirbhís iasachta ar líne.

Dhéanfainn aon rud chun airgead a fháil i ngan fhios d’éinne eile.

Nuair nach raibh pingin rua fágtha agam le dul ar ais ar an ollscoil, agus bealach ar bith ann chun iasacht a fháil, dúirt mé le mo mháthair (thíos) cad é a bhí ar siúl agam.

Ba chuidiú mór é sin go raibh a fhios ag duine éigin eile anois, agus chuidigh Bríd, bean chéile mo dhaid, go mór liom fosta.

Tá sé rí-thábhachtach go n-insíonn tú le duine éigin má tá fadhb agat nó beidh sé mar ualach ort go deo.

Caithfear glacadh leis in amanna nach féidir an lámh in uachtar a fháil ar fhadhb leat féin.

Fuair mé cuidiú den scoth ó Jigsaw i nGaillimh, eagras a chuireann comhairleoireacht ar fáil do dhaoine faoi 25.

Tar éis tamaill thuig mé gur uirlis a bhí sa chearrbhachas agus fuair mé tuiscint níos fearr ar an aindiúlachas.

Níl aon gheall curtha agam le cúpla bliain anuas, seachnaím na háiteanna anois cionn is go mbeadh sé deacair orm srian a chur orm féin.

Tchím an tionchar a bhíonn ag geallghlacadóirí ar fud na háite in iarthar Bhéal Feirste.

Tá siad ag déanamh scrios ar ár bpobal.

Is cuma leo má chailleann tú do phá, nó airgead an dinnéir.

Ní chuirfidh siad stop leat choíche.

Dar ndóigh, ní feiniméan úr é an cearrbhachas.

Tá sé ann le fada an lá ach is iad na modhanna margaíochta agus na cineálacha innill agus bogearraí a úsáideann siad chun go mbeadh daoine gafa leis a dhéanann an difríocht sa lá atá inniu ann.

Ní comhtharlúint ar bith é gur i gceantair lucht oibre, sna ceantair is boichte, a bhíonn na geallghlacadóirí ann go flúirseach.

Níl aon amhras ann go bhfuil plé agus díospóireacht níos leithne de dhíth faoi ról na ngeallghlacadóirí inár bpobail agus faoin damáiste gur féidir leo a dhéanamh fud fad na tíre.


Beidh Naoise ag caint faoin fhadhb a bhí aige le cearrbhachas ar An Focal Scoir, a chraolfar anocht ar BBC2 ag 10in. I measc na n-aíonna eile a bheas i gcomhluadar an láithreora Maire Bhreathnach beidh Siún Ní Dhuinn agus Pól Ó Muirí.