Níl an Ardteist foirfe ach…
...tá sí níos fearr ná na corais a mholtar ina háit

An fhadhb le córas na bpointí, dar leis an tuairim choitianta, ná go séanann sé ‘smaointeoireacht chriticiúil’ ar dhaltaí toisc go gcuireann sé béim ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair seachas cruthaitheacht agus anailís a dhéanamh. 

Rinne tráchtaire amháin cur síos air mar ‘aicíd thógálach’ a chúisíonn ‘séasúr urlacain’ agus ‘Ardmhúisc’, cuir i gcás. Tá athbhreithniú tosaithe ar an Ardteist le déanaí mar go gceaptar gur mithid é a athrú ó bhonn agus fáil réidh leis na scrúduithe strusmhara deiridh.

Ach dar liom go bhfuil smaointeoireacht chriticiúil in easnamh ar na tráchtairí cáinteacha ar mhian leo fáil réidh leis an gcóras Ardteiste faoi mar atá sé againn faoi láthair. Feictear domsa go bhfuil na tráchtairí seo tar éis an tuairim choitianta frith-Ardteiste a shlogadh siar gan í a iniúchadh nó a cheistiú i gceart. 

I dtaca leis an strus, ní mór cuimhneamh gur mionlach daltaí a chuireann brú iomarcach orthu féin don Ardteist, iad ag dul thar fóir leis an bpulcadh cinn agus ar minic iad ag súil le pointí arda. Ach is iomaí dalta a bhíonn cur chuige ró-réchúiseach orthu, rud a mbíonn aiféala orthu faoi níos faide anonn sa saol. Cé mhéad uair a bhfuil sé seo a leanas cloiste againn: ‘Bhí sé de cheart agam iarracht níos mó a dhéanamh sa Ghaeilge ar scoil!’? Ní mór cuimhneamh gurb é 300 pointe an meán náisiúnta.

Is ábhar imní go bhfuil ardú tagtha ar fhadhbanna síceolaíocha na n-óg le roinnt blianta anuas, cinnte. Tá breis seirbhísí comhairle ag teastáil uathu siúd atá thíos leis. Ach tá dul amú ar dhaoine a cheapadh go dtiocfadh feabhas ar mheabhairshláinte déagóirí dá gcuirfí deireadh le scrúduithe strusmhara deiridh na hArdteiste, faoi mar a thugann cuid acu le fios.

Mar tá sé aitheanta ag síceolaithe gurb é ró-úsáid na meán sóisialta agus na nguthán cliste is mó atá ag déanamh tinnis do mheabhairshláinte na ndéagóirí seachas an iomarca staidéir. Go deimhin, caitheann déagóirí an lae inniu níos lú ama ar an obair bhaile ná mar a chaith siad sna nóchaidí, ach caitheann siad níos mó ama ná riamh os comhair an scáileáin leictreonaigh. 

Agus ní mór a aithint nach ionann strus roimh scrúduithe agus meabhairghalar. Is gnáthrud é strus, ar féidir leis muid a spreagadh chun ár ndícheall a dhéanamh (chomh fada is nach dtéann sé thar fóir). Go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur maith an cleachtadh í an Ardteist do dhúshláin agus d’ócáidí strusmhara eile an tsaoil ar nós agallamh agus scrúduithe ollscoile a mbeidh ar dhaltaí aghaidh a thabhairt orthu más olc maith leo é.

Tá taighde comparáideach ann freisin a thacaíonn le buntáistí na scrúduithe deiridh do chaighdeáin an chórais oideachais trí chéile. Nuair atá scrúduithe seachtracha stáit ar nós na hArdteiste ina gcuid lárnach den chóras scolaíochta, caitheann daltaí níos lú ama os comhair na scáileán digiteach, níos mó ama i mbun staidéir agus léitheoireachta, agus bíonn cáilíochtaí níos fearr ag a múinteoirí. 

Cuid den chúis leis seo ná go mbíonn luach saothair ag brath ar thorthaí acadúla – áit san ollscoil, bród agus faoiseamh – rud a spreagann daltaí i mbun oibre agus a chiallaíonn go mbíonn siad ag súil le hardchaighdeáin ó mhúinteoirí. Nuair atá an-suntas agus stádas ard ag baint leis na scrúduithe deiridh bíonn gach duine sásta níos mó ama, iarrachta agus acmhainní a infheistiú san oideachas, mar sin.

Nuair nach bhfuil scrúduithe tábhachtacha deiridh ann, ar an láimh eile, agus measúnú ag brath ar thástálacha ranga an ghnáthmhúinteora nó ar thionscnaimh, is cosúil go ligeann daltaí a maidí le sruth — agus iompaíonn siad ar a ngutháin chliste!

Cé nach bhfuil an Ardteist foirfe, tá sé níos fearr ná na córais a mholtar ina háit. B’fhearr dúinn éirí as a bheith á damnú faoi mar a dhéanfadh déagóir sotalach, mar sin, agus súil fhuarchúiseach a chaitheamh ar an bhfianaise a thugann le fios gur maith ann di.