Níl ‘scrubs’ ar bith uaim!

Bíonn scéal le feiceáil beagnach achan lá ar na meáin shóisialta faoi fhear ag cur lámh ar bhean ar oíche amuigh (bhuel bhí nuair a bhí cead againn dul amach!) nó fear ag scairteadh rud éigin ar bhean agus í amuigh ag siúl. 

Tá sé ag tarlú chomh fada sin go bhfuil amhrán a tháinig amach breis agus fiche bliain ó shin a phléann seo cáiliúil go fóill. Bhuel, sin agus is tune ceart é fosta. 

I don’t want no scrubs  

A scrub is a guy that can’t get no love from me 

Hangin’ out the passenger side of his best friends ride

Trying to holla at me

Mothaím go raibh an t-amhrán seo ar eolas agam ar feadh mo shaoil ach ghlac mé leis gur nós Meiriceánach a bhí ann agus nár chroch fir amach fuinneog an chairr le holla-áil ar mhná anseo in Éirinn, nó ní fhaca mise a leithéid riamh.

Ach ansin cúpla bliain ó shin, thosaigh mé ag feiceáil daoine ar Twitter agus iad a rá gur scairteadh rudaí orthu agus iad amuigh ag siúl agus iad in Éirinn, agus mhothaigh mé mo shaol ag titim as a chéile thart orm. 

Bhí cineál éada orm go raibh daoine ag scairteadh ar na mná seo agus nach raibh siad ag scairteadh ormsa. Cad é a bhí cearr liomsa? Cad chuige nach bhfuil scrubs ar bith do mo chéasadh?

Bhuel d’athraigh seo ar fad lá breá samhraidh dhá bhliain ó shin. Bhí an ghrian ar scalladh agus chinn mé an lá sin nach gcaithinn cíochbheart agus mé ag siúl go teach mo charad. Bhuel ní hamháin nach raibh seo iontach compordach agus cíocha mór go leor agam ach nach raibh na scrubs ar fad amuigh an lá sin fosta!

Shíl mé go mbeadh sé deas giota airde a bheith orm agus go dtabharfadh sé giota muiníne dom ach bhí mé iomlán mícheart. Mhothaigh mé salach an lá sin agus go raibh mé ag iarraidh rith díreach abhaile ag caoineadh. 

Bhí mé féinchoinsiasach go leor ag an phointe sin i mo shaol ach mothaigh mé ar nós nach raibh cumhacht ná príobháideachas ar bith agam agus na strainséirí seo ar fad ag stánadh orm. 

Ó shin i léith, tugaim faoi deara níos mó anois é agus fir aisteacha urchóideacha ag stánadh orm agus mé amuigh. Tarlaíonn sé den chuid is mó agus mé ag siúl mar gheall go mbíonn mo chíocha ag preabadh leo agus tugann sé na heebie jeebies dom díreach sin a scríobh síos. 

D’fhiafraigh de mo chomhairleoir anuraidh cad gur féidir liom a dhéanamh le fir a stopadh ag amharc orm. 

“Ní féidir iad a stopadh, ach is féidir do dhearcadh ina leith a athrú,” arsa sí. 

Bullshit,” arsa mé.

Agus lean mé orm ag beartú dóigh leis na fir seo a stopadh. Ach is oth liom a rá nár tháinig toradh ar mo chuid smaointeoireachta (má tá freagra agat roinn leis an chuid eile den seomra é le do thoil!) ach tháinig an geimhreadh agus cótaí móra leis agus d’imigh na súile i bhfolach ar feadh tréimhse. 

Ach anois go bhfuil an dea-aimsir ar ais, cosúil le drochbhabhta scaibéise, tá na scrubs ar ais agus, mar is gnáth, níl náire ar bith orthu a bheith ag stánadh ar mhná agus iad amuigh ag siúl lena madaidh i lár an lae agus tá mé tinn tuirseach díobh cheana féin. 

Is cuma cad é a chaithim. Is cuma cén cineál tacaíocht cíoch a chaithim. Is cuma cén chuma atá orm. 

Bhí sé ag cur isteach go mór orm ar dtús agus bhí mo chuid siúlóidí scriosta agus mé ar buile leis na fir seo ach lá amháin tháinig na focail chríonna sin a dúirt mo chomhairleoir isteach i m’inchinn. 

“Ní féidir iad a stopadh, ach is féidir do dhearcadh ina leith a athrú.”

Agus an bhfuil a fhios agat seo? B’shin a rinne mé. 

D’aithin mé go mbeidh siad ag dul amharc orm cibé ar bith agus gur féidir liom ligean dó sin cur isteach orm, nó thiocfadh liom mo cheann a ardú agus é a thógáil mar mholadh. 

Agus tá mo chuid siúlóidí i bhfad níos fearr anois dá bharr.

Agus mar a deir TLC:

Well a scrub checkin’ me, but his game is kinda weak

And I know that he cannot approach me

‘Cause I’m looking like a class and he’s looking like trash

Can’t get wit’ a deadbeat ass