Robáladh mé, ach ba chabhair é!
Ceacht fealsúnachta ó dhroch-eispéireas

Mí nó dhó ó shin bhí mé thuas i mBéal Feirste ag cur ceardlann ghluaiseachta ar fáil do na daoine áille a bhí i láthair ag an fhéile úr Liú Lúnasa.

Bhí an cheardlann go hiontach ar fad, agus roimh bhualadh bóthair dom go Corcaigh, chuaigh mé féin agus mo chara Ruairí isteach go lár an bhaile le greim bia a fháil.

Bhí go maith agus ní raibh go holc.

Nuair a d’fhill muid tuairim is uair an chloig níos moille, áfach, bhí poll mór i gcúlfhuinneog mo ghluaisteáin agus bhí mo mhála agus, a bheag nó a mhór, gach píosa trealaimh leictreonaigh a bhí agam sa saol imithe.

iPad, iGuthán, Kindle, ríomhaire glúine, callairí fuaime, mo dhialann phearsanta, éadaí fiú… gach rud.

Ina iomláine, bhí luach na n-earraí a goideadh ag druidim le €5,000.

Ní hé seo an rud ar mhaith leat a bheith ag déileáil leis 3in tráthnóna Dé Domhnaigh agus turas fad tíre romhat.

Cé nach féidir an dubh a chur ina gheall, sílim go bhfuil sé tábhachtach ceachtanna a fhoghlaim ó gach eachtra, go háirithe más droch-eispéireas é.

Taobh amuigh de smaoineamh gur chóir dom cóip chúltaca a dhéanamh den eolas ar fad a bhí ar an ríomhaire, agus gan an carr a pháirceáil in áit ar minic í bheith luaite le gadaíocht as carranna, thosaigh mé ag smaoineamh ar cheachtanna níos doimhne.

Thosaigh mé ag déanamh staidéir ar fhealsúnacht a síolraíodh sa tSín darb ainm Taochas (Taoism) ar na mallaibh, agus is cosúil go bhfuil neart fiúntais ag baint le níos lú earraí domhanda a bheith i do sheilbh agat – nach méanar dom ach gur thug na gadaithe cos in airde dom dul sa treo sin!

Bhí mé i bhfad níos éadroime ag pilleadh ar Chorcaigh an oíche sin, agus thosaigh mé ag smaoineamh go mb’fhéidir gur comhartha a bhí ann.

Ó shin i leith, tá mé ag sceitheadh earraí agus éadaí nach bhfuil aon úsáid agam leo.

niosmo-nioslu

Ghlan mé amach na hearraí ón chistineach nach bhfeiceann solas an lae go rialta, na sean-éadaí nach gcaithim seachas ar na seachtainí sin nuair atá mé taobh thiar le mo chuid níocháin, an troscán breise sa teach nach bhfuil ach ag bailiú dusta.

Chaith mé an bailiúchán sreanganna leictreacha agus páipéir a bhíonn ag bailiú áit éigin in achan teach sa bhruscar, agus a bheag nó a mhór aon rud eile a mhothaigh mé a bhí sa bhreis ar an riachtanas.

Níl an jab déanta go fóill, agus tá mé ag samhlú go mbeidh mé i mo shuí i m’árasán lom roimh i bhfad gan aon éadach ach amháin pluid le mo chuid píosaí a chlúdach.

Caithfidh mé a admháil, áfach, go mothaíonn sé go maith ar bhealach.

Tá an saol níos simplí, ní chaillim an méid céanna rudaí, agus ní dhéanaim dearmad ar an méid céanna.

Níl a fhios agam an bhfuil mé díreach á shamhlú, ach mothaím breis fuinnimh gach lá, tá i bhfad níos mó spáis agam san árasán, gan a bheith ag trácht go nglacann sé i bhfad níos lú ama an áit a ghlanadh!

Tá an stráitéis seo agam anois earraí agus éadaí nach bhfuil in úsáid a chur i leataobh san árasán, agus mura dtagann an gá iad a úsáid le linn achar coicíse nó mar sin, tá siad imithe.

Mholfainn go mór triail a bhaint as seo má tá tú ag iarraidh slacht a chur ar d’intinn agus ar do shaol, agus níos mó ama agus fuinnimh a bheith agat do na fíor-rudaí tábhachtacha sa saol!

Chaill mé go leor ón charr an lá úd, agus fuair mé go leor peirspictíochta… is olc an ghaoth!