“Rún ar bith agam do 2016”
In amanna is leor teacht i dtír

Caithfear glacadh corruair nach bhfuil rudaí áirithe ag dul a tharlú, is cuma cad a dhéanann tú, a deir Ciarán Dunbar. Dá bharr sin níl aon liosta dea-rún curtha le chéile aige don bhliain seo amach romhainn…


Dhéanainn liostaí i gcónaí.

Is nós é a mholann beagnach gach duine a bhfuil rath air nó uirthi sa pholaitíocht nó sa ghnó.

Rith sé liom á dhéanamh gan leabhar ar bith a léamh faoi nó gan focal gúrú éigin a chloisteáil á mholadh.

Ní hé go ndearna mé é ar son rudaí móra a bhaint amach i mo shaolsa, bhí mé díreach ag iarraidh cuimhneamh ar na rudaí a bhí le déanamh agam.

Sin agus mé ag súil go mór le tic a chur in aice leis na rudaí seo am éigin mar chineál searmanais, ócáid bhronnta duaiseanna phríobháideach dom féin.

Liostaí a bhaineann leis an lá (‘dul chuig an bhanc’, abair), leis an tseachtain (‘cuir an t-alt sin chuig NÓS’, mar shampla), leis an mheántéarma (cosúil le ‘críochnaigh an cúrsa sin’), agus dar ndóigh leis an fhadtéarma (‘bunaigh Gaeltacht nua!’) a bhíodh i gceist.

Agus d’oibrigh sé go maith i gcónaí, caithfidh mé a admháil.

D’éirigh liom go leor a bhaint amach agus an chuid is mó de mo shaolsa a dhéanamh úsáideach – ach amháin nuair a bhíodh póit orm, agus ar ndóigh an t-am sin uile go léir ar an ollscoil!

Ar na liostaí is suntasaí acu seo go léir ná rúin na hathbhliana, tús úr, liosta úr.

Dhéanainn iad seo le blianta beaga anuas agus mé amuigh ag ól gloine prossecco san Iodáil, sa leabhrán beag dubh a bhíonn agam i mo phóca don chuspóir seo.

Lán dóchais, lán troda agus réidh don bhliain a bhínn.

Gníomh dearfach éifeachtach.

D’éirigh mé astu seo i mbliana áfach.

Cad chuige?

Bhál, mhothaigh mé go raibh na liostaí díreach mar an gcéanna bliain i ndiaidh bliana le tamall maith anuas.

Níor éirigh liom oiread is ceann amháin den 10 rud ar an liosta a bhaint amach le ceithre bliana anuas (bíonn 10 rud ar mo liostaí i dtólamh).

Rinne mé mo dhícheall ach theip orm.

Sin é, an fhírinne lom.

D’fhoghlaim mé ceacht saoil: In amanna, beag beann ar an mhéid oibre a chuireann duine isteach, ní éiríonn leo, agus caithfear déileáil le teip.

In amanna, fiú don duine is dearfaí, is gníomhaí agus is féinmhuiníní ar chlár na cruinne, caithfear glacadh nach bhfuil rudaí áirithe ag dul a tharlú agus sin é do chinniúint.

Ní dóigh liom gur gearán nó géilleadh é sin ach léiriú ar thaithí shaoil.

treo-eile

Cinnte, tá neart de chineál éigin againn ar an chinniúint sin ach tá cuid mhór dár saol i lámha daoine eile, go háirithe más d’aicme shóisialta íseal thú sa chéad dul síos.

Thuig mé anuraidh den chéad uair go raibh doras nó dhó dúnta, nach mbeidh siad ag oscailt domsa go pearsanta, nach raibh aon neart agam air sin agus nach raibh smaointeoireacht dhearfach, dian-obair nó léirshamhlú cruthaitheach nó liosta chun sin a athrú.

Dá bhrí sin, bhí orm liosta nó dhó a chaitheamh sa tine.

Sin fíor-theip – agus is doiligh plé leis, chan ionann é agus cluiche peile a chailleadh.

Caithfear glacadh chomh maith, nuair a bhíonn teaghlach agat, is iad an chloch is mó ar do phaidrín i gcónaí.

Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh rudaí ‘tábhachtacha’ eile dul ar an mhéar fhada go minic.

Anois, níor athraigh mé mo liosta fadtéarmach nó an liosta meántéarmach fiú.

Is é an rud go díreach ná go gcaithfidh mé bealach nua a aimsiú chun na háiteanna sin a bhaint amach agus ní heol dom an bóithrín sin go fóill.

Sea, sea, tá cuid agaibh ag rá – éiríonn na fíor-bhuaiteoirí arís agus arís eile agus leanann siad sin leo go dtí go mbíonn an lá acu… blá, blá, blá.

Ní bhíonn i gceist ansin acusan ach cluiche, nó spórt de chineál éigin, chan cúrsaí a bhaineann leis an fhíor-shaol.

Díreach roimh an Nollaig d’fhreastail mé ar ócáid i mBéal Feirste a bhí ag cur chun cinn ‘seimineár’ trí lá i Londain le Tony Robbins, an ‘cóitseálaí saoil’ Meiriceánach (bhí sé saor in aisce sula gcuirfidh tú an cheist).

Ní nach ionadh, ní raibh Tony é féin i láthair.

Bhí ionadaí dá chuid, fear de bhunadh na hAfraice Theas a bhfuil cónaí air i bPort an Phéire, Co. an Dúin,  Jean-Pierre De Villiers, i láthair chun sinn a stiúradh i dtreo saol úr éachtach.

Caithfidh mé a rá, bhain mé idir thairbhe agus shult as an seisiún seo.

Mar sin féin, níor cuireadh faoi gheasa mé, thuig mé go maith go raibh siad ansin chun táirge a dhíol liom.

Ní bhíonn tionchar ag díoltóireacht orm de ghnáth ach ag an deireadh, mhothaigh mé rud beag míchompordach leis an bhrú seo.

Éist, is maith an rud a bheith dearfach gan amhras, is maith an rud ithe go maith, smaoineamh go maith agus aisling a bheith agat – níl mé ag cur ina choinne sin.

Ach deir an fear seo Tony Robbins: “Mura bhfuil tú ag fás, tá tú ag fáil bháis.”

“An bhfuil a fhios agat a Tony, sin bullsiot,” a deirimse.

Is leor in amanna teacht i dtír go díreach.

Agus do roinnt mhaith daoine ar an saol seo – is deacra sin ná Sliabh Sagarmāthā a dhreapadh.

Aidhm 2016 mar sin – 2017 a bhaint amach, déanfaidh sin cúis.