‘Seosamh a’ Chlub’ ar shlí na fírinne

Tá Seosamh Ó Conchúir a chaith na blianta fada ina bhainisteoir ar Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, ar shlí na fírinne. Fuair Seosamh bás san ospís i gCrois Arailt i mBaile Átha Cliath aréir tar éis tinneas gairid. 

Bhí aithne mhaith ag pobal na Gaeilge san ardchathair ar Sheosamh, a bhí le feiceáil go minic taobh thiar den bheár sa tábhairne lánGhaeilge atá san íoslach i gceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair.

Ba cheoltóir, amhránaí agus ealaíontóir é Seosamh a shaothraigh ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar feadh a shaoil.

Dúirt Aodhán Ó Deá, a d’oibrigh le Seosamh sa Chlub agus atá anois ag obair le Conradh na Gaeilge, gur “baineadh siar” as pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath nuair a tháinig an scéala go raibh Seosamh ar shlí na fírinne. 

“Thug mé cuairt air ag tús na seachtaine, agus cé gur léir go raibh sé tinn, bhí dea-iúmar air agus bhí sé ag fiosrú faoin gClub, faoin gcruinniú a bhí beartaithe don oíche anocht ag an gcoiste, agus faoi na cuntais agus rudaí eile mar sin.

“Bhí aithne ag gach duine ar Sheosamh agus bhí sé breá sásta labhairt le duine ar bith a thiocfadh isteach sa Chlub, idir óg agus aosta. Bhí na mílte comhrá aige leis na mílte duine sa Chlub agus braithfidh pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus ar fud na hÉireann, uainn go mór é,” a dúirt sé.

Cuirfear cruinniú cinn bliana Chlub Chonradh na Gaeilge, a bhí beartaithe don oíche anocht, ar ceal in ómós don iar-bhainisteoir agus beidh an Club féin dúnta tráthnóna freisin. Níl socruithe sochraide déanta go fóill. 

Fear singil a bhí i Seosamh agus maireann a dheartháireacha agus deirfiúracha, a leathchúpla ina measc.