‘Sin deireadh ráite, mar sin adieu’

Níl ionamsa ach aon duine amháin go gcuaigh sé i gcion orthu. Ag labhairt le daoine ó thús na seachtaine fén Athair Tomás Ó hIceadha, tá a scéal féin le heachtraí ag na héinne fé. Bhí sé ar dhuine de chlann Bhosco Uí Chonchúir, páirtí agus leathbhádóir an Athar Uí Iceadha sna drámaí le 42 bliain. Bhí sé ana mhór le hóg is aosta, le huasal is íseal. Fear cineálta, a chuireadh cárta poist chugam os na haon áit go mbíodh sé thar sáile. Bhíodh sé chomh deacair a chuid scríbhneoireachta a léamh, ach d’aithnínn gur uaidh a tháinig an cárta, mar bhíodh ‘T’ mór galánta ag an mbun.

Is é a mhúin dom conas lipstick a chaitheamh i gceart agus mo mhalaí a phiocadh chun crut ceart a chur orthu agus mé i mo chailín óg ag méiseáil le táirgí áilleachta roimh thús na meánscoile. Cinnte, deimhnitheach, mhúin sé an iliomad scil drámaíochta dom. 

Ach pé áit go mbuailfinn leis, bhíodh leide aige dom fé rud éigin nár bhain leis an stáitse in aon chor: conas mo ghuth a úsáid agus mé i mbun na haimsire a láithriú ar TG4; conas ba cheart dom mo shúile a úsáid agus duine éigin ag cur agallamh teilifíse orm; conas mo leibhéal gutha a bheith cruinn ar an raidió. Níl ansan ach blúiríocha ana-bheag den oidhreacht a d’fhág sé agamsa, agus táim chomh buíoch as san anois.

An tAthair Ó hIceadha agus Sláine

Nuair ná rabhas ach ceithre bliana d’aois nuair a chuas i mbun aisteoireachta le hAisteoirí Bhréanainn, agus mé ina dteannta ó shin. Is dócha ná tógainn puinn ceann don mhéid a bhíodh sé a rá, ach tuigim anois an tábhacht a bhí leis an uile fhocal. D’fhan mórán i mo cheann. Ní bhíodh aon bhladar ná raiméis aige, ach síorchomhairle faoi na haon ghné don saol.

D’fhéadfadh sé a bheith i gcomhluadar éinne. D’fhair sé ar an X-Factor inár dteannta-ne sa tig aon tráthnóna amháin ag ithe rhubarb crumble is bhí cad é cleachtadh againn, ag cur síos air siúd agus uirthi siúd eile, a bhí ar an stáitse ar an dteilifís. Deireadh sé go raibh bean amháin seasta ródhíreach, is an bhean eile seasta rócham ach ní le drochmheas, ach le comhairle.

Thaitin Jennifer Aniston ana-mhór mar aisteoir leis. Deireadh sé nár bhog sí, gan chúis, agus nár cheart d’éinne amhlaidh a dhéanamh ar stáitse. Chaitheasa leaid óg a phógadh ar an stáitse babhta, agus bhíos náirithe amach! Ach níor chuir Fr. Hickey aon nath ann, ach avae leat, is cuid don aisteoireacht í! Gan amhras, thug sé muinín dom, ionam féin mar dhuine agus mar aisteoir, i ngan fhios do féin, mar spreagadh sé mé chun rudaí a dhéanamh nár theastaigh uaim a dhéanamh in aon chor, ach féach, go mbínn sásta i gcónaí i ndiaidh dom an méid a dúirt sé a dhéanamh. Rógaire ab ea é!

Bríd Criomhthain ó Aisteoirí Bhréanainn ag sochraid an Athar Uí Iceadha

Ó my, a Father Hickey, miosálfaidh an dúthaigh ar fad uathu tú, ach go raibh maith agat ónár gcroí amach, as a bheith chomh fuinniúil, seoigh, éirimiúil, geanúil go dtí deireadh do shaoil thiar.

“Slán beo, slán beo, ár mbuíochas leat go deo na ndeor.
Slán beo, ó chách, ní bheidh do leithéid ann go brách”.