An duine aclaí ach míshláintiúil tú?
Ceisteanna crua faoin ‘tionscal sláinte’

Is féidir bheith ar an duine is aclaí sa rang, agus ar an duine is míshláintiúla ag an am céanna.

Chomh maith leis sin is féidir bheith sláintiúil agus neamhaclaí ag an aon uair amháin, ach is ábhar é sin do lá eile.

Smaoinigh ar an duine a chaitheann maidin agus oíche sa spórtlann ag rith ar an mhuileann reatha, nó ag rothaíocht de shíor ar rothar draíochta a choinníonn tú sa spota céanna, cuma cé chomh fada is a chaitheann tú ag tiontú na dtroitheán agus bárcadh allais.

Bíonn tromluithe agam fán chineál trealaimh sin.

Síor-iarracht gan aon dul chun cinn, gluaiseacht ná pléisiúr, agus déanta níos measa fós ag scáileán teilifíse suite os do chomhair amach.

Cibé, thiocfadh leat cur suas leis dá mbeadh buntáiste de shaghas éigean ag baint leis.

Ach monuar, níl.

Is minic a bhíonn an luchóg aclaíochta ag gearán de bharr easpa dul chun cinn, pian sna hailt, agus fulaingt le slaghdán nó casacht, nó ag maíomh go bhfuil obair chrua le cur síos acu agus iad ar an bhealach go lagbhríoch chuig an chéad bhabhta eile d’aclaíocht neamh-spreagúil, leadránach, gan fiúntas.

Buailim le daoine atá ag maireachtáil i bhfáinní fí den chineál seo go minic, agus iad sáite sa ‘tionscal sláinte agus aclaíochta’ damanta.

An tionscal a shúfadh an bhrí as Milo Croton na Gréige féin, a d’ardaigh gamhain os cionn a chloiginn gach uile lá go dtí go raibh Milo láidir lúfar ag cur beithíoch lán-fhásta in airde san aer don spraoi.

Sa tionscal sláinte damanta, deirtear gur chóir bia íseal ar gheir a ithe.

Deirtear linn gur gá fulaingt le bheith sláintiúil, go bhfuil dian-traenáil mhire riachtanach le bheith in ann ‘duine sláintiúil’ a thabhairt ort féin.

Mura bhfuil tú ag caitheamh amach, ag caoineadh, nó i mbaol titim i laige, ní fiú cibé sóirt gníomh atá ar bun agat.

1fd7d989fa9cd200_shutterstock_109082192.jpg.xxxlarge_2x

Ach ní ar an duine aclaí míshláintiúil atá an locht.

Tá an ‘tionscal’ ann le hairgead a shaothrú, faoi smacht comhlachtaí móra bia a dhíolann táirgí ‘sláinte’ mar dheá, agus comhlachtaí a dhéanann innill aclaíochta.

Ó thaobh an bhia de, caithfear é a dhéanamh go saor, go gasta agus go forleathan le go n-éireoidh leis na comhlachtaí móra airgead a dhéanamh.

Ní sin mar a mhair muid leis na céadta míle bliain.

Maidir leis na comhlachtaí trealaimh, bhuel, caithfear trealamh a dhíol le spórtlanna agus tá siad tiomanta i dtaobh trealamh sábháilte a chur ar fáil, atá fóirsteanach don uile duine, ar féidir leas a bhaint as gan saineolas.

Níl cuma ró-olc air sin ar fad go dtí seo, ach níl na comhlachtaí dírithe ar nósanna sláinte ná aclaíochta a chothú.

Glac uaim é, ní chuideoidh na hinnill seo ná an cur chuige seo leat ó thaobh na sláinte agus na haclaíochta de.

In Aclaí, mar a dhéantar i roinnt spórtlanna neamhspleácha timpeall na tíre, tá rogha eile ar fáil.

Rogha traenála atá pléisiúrtha, a ardaíonn fuinneamh, brí, agus a chothaíonn lúthchleasaithe níos fearr.

Mar Ghaeil, tá muid cleachta lena bheith ag amharc ar chúrsaí le dearcadh neamhspleách cruthaitheach.

Ní mór dúinn ach ár gcosán féin a ghearradh le go mbeidh spás ann dúinn mar Ghaeil sa tsochaí, agus tá an rud céanna fíor ó thaobh na sláinte agus na haclaíochta de.

Tá bealach níos fearr ann amuigh ansin.

Bealach a thabharfaidh fad saoil, agus sláinte duit, agus a chuirfidh tú ar do sháimhín só agus tú sínte amach faoin ghrian ar an trá!

Beidh tuilleadh agam faoi ar ball.


Is saineolaí sláinte agus aclaíochta é Ainle Ó Cairealláin le ACLAÍ. aclai-logo