Bainne Brollaigh ó ATM
Á dháileadh amach as inneall san India

Tá cleachtadh againn ar airgead a tharraingt amach as an ATM, ach tá an cur chuige seo in úsáid den chéad uair le seachtain anuas san India chun ábhar eile ar fad a dháileadh – bainne cíche.

Tá banc lán le bainne cíche anois ann, é dírithe ar leanaí a rugadh roimh am agus ar leanaí nach bhfuil fáil acu ar bhainne a máthar.

Is mic léinn ó Institiúid Iarchéime Jawaharla um Thaighde agus Oideachas Leighis, nó JIPMER mar a thugtar air go coitianta, a tháinig aníos leis an choincheap.

milk

In áit Automated Teller Machine, seasann ATM do ‘Amudham Thaippal Maiyam’.

Sa Tamailis, is ionann an focal ‘amudham’ agus neachtar sa Ghaeilge.

Beathú cíche atá i gceist le ‘thaippal’, agus ciallaíonn ‘maiyam’ ionad nó institiúid.

Dar le Subhash Chandra Pariga, Stiúrthóir JIPMER, is naíonáin d’ísealmheáchan breithe agus leanaí a rugadh roimh am iad 30% de na 1,500 babaí a thagann ar an saol san institiúid gach mí.

Anuas ar sin, is iomaí fadhb a bhíonn ag máithreacha atá ag cothú páiste ar an chíoch a chuireann bac leo leanúint ar aghaidh leis.

Beidh an ATM, atá suite i gcathair Puducherry, dírithe ar bhainne cothaitheach agus cúram breise a thabhairt do na leanaí sin a bhfuil siad de dhíth orthu.

  • Niamh

    Cá’il an pictúir den gnáth mháthair? Ní deailbh amháin a bhíonn ag cothú a páistí ón gcíoch! íosa críost!