Cruthaímis Aigne Shláintiúil
agus breathnaímis siar!

Tá mé ag smaoineamh os ard anseo, ach an measann tú go bhfuil ceangal díreach idir cultúr dúchais agus sláinte aigne?

Níl aon fhigiúirí agam le tacú leis na smaointe seo. Ní dheachaigh mé sa tóir orthu go fiú, ach bhí mé ag tiomáint thart ar Thír na mBascach ar laethanta saoire ar na mallaibh, agus rith roinnt smaointe liom!

Seo iad.

Cruthaíonn ceangal cultúrtha nasc idir muid féin agus na glúine a chuaigh romhainn.

San am a chuaigh thart, b’éigean d’achan treibh a chinntiú go mairfeadh a gcuid nósanna sna páistí a tháinig ina ndiaidh agus go leanfadh leis an treibh amach anseo.

Mar shampla, bhíodh ar dhaoine dul amach ag seilg bia ionas nach mbeadh ocras ar mhuintir an bhaile.

Ghléasadh na daoine ar bhealach ar leith le cosaint a fháil ón fhuacht nó ón teas, agus bhíodh bealaí ar leith acu le bia a chócaráil, ag brath ar an timpeallacht ina raibh siad ag maireachtáil.

Bhíodh bealaí áirithe ann fiú chun na tithe a thógáil le foscadh ón aimsir a chur ar fáil agus mar chosaint ar na hainmhithe fiáine nár mhaith leo aon rud níos mó ná lámh dheas a shlogadh siar don lón.

Bhíodh ar na daoine fásta nósanna na treibhe a theagasc do na daoine óga: conas ainmhithe a cheapadh agus a mharú, conas aire a thabhairt don bhaile, agus conas eolas a bhailiú agus a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

healthy mind

Ní mór a lua gur beag ceangal atá ag formhór mhuintir na hÉireann sa lá atá inniu ann le nósanna ár sinsear.

Is beag nár cuireadh ár dteanga bhinn, ár spórt, ár gceol agus nósanna eile dár gcuid sa chré taobh leis na milliúin daoine a bhásaigh de dheasca an Ocrais Mhóir, an choilíneachais agus an bhochtanais.

Sa lá atá inniu ann, tá donas dorcha i bhfeidhm sa tír.

Tá sé nach mór chomh holc le harm míleata, nó níos measa, atá ag stróiceadh leis ó cheann ceann na tíre, beag beann ar an dochar atá á dhéanamh aige. Tá an galar dubhach níos forleithne an aimsir seo ná mar a bhí riamh.

Ní fios cé atá ag fulaingt leis an dorchadas go rúnda, agus cailltear daoine achan seachtain leis.

Tá sé níos coitianta i measc an lucht oibre. Cad is cúis leis sin?

Mar a dúirt mé, níl aon fhigiúirí agam anseo, agus níl mé ag iarraidh a bheith dímheasúil ná tútach faoin ghalar dhubhach, atá casta agus dothuigthe in amanna.

Ach seans go bhfuil freagraí ar fáil agus muid ag breathnú ar a bhfuil thart orainn agus ar an timpeallacht ina mairimid.

Tá formhór na gceantar ina bhfuil daoine ina gcónaí dubh le comhlachtaí móra idirnáisiúnta ar cuma leo faoi aon rud seachas airgead a shaothrú – geallghlacadóirí, bialanna bia gasta, siopaí eischeadúnais agus tithe tábhairne.

Ní gá a bheith i do shaineolaí (agus ní saineolaí mé féin ar na cúrsaí seo) lena aithint go scarann na gnólachtaí seo muid go huile is go hiomlán ó na nósanna atá cláraithe go domhain ionainn leis na mílte bliain.

Ar mhothaigh tú riamh go mbíonn madraí i gcónaí ag dul sa tóir ar éanlaith?

Ní hé go bhfuil fuath acu ar na héin, ach san am a chuaigh thart bhíodh sé de nós ag daoine madraí áirithe a choinneáil ar mhaithe le préacháin agus éin eile a choinneáil ar shiúl ó na páirceanna agus ó na húlloird.

Sa lá atá inniu ann ar ndóigh, níl gairdín ag an chuid is mó againn, gan trácht ar úllord a mbeadh madra de dhíth lena chosaint ar éin.

Is don spórt agus don chomhluadar a choinnímid madraí, ach tá na nósanna céanna go fóill iontu.

Mura bhfuil éan ag madra le dul sa tóir air, ní mó ná sásta a bheidh an créatúr. Caithfidh go bhfuilimid féin cosúil leo ar bhealach éigin.

Is beag an ceangal atá ag an fhormhór againn leis an bhia a ithimid – idir sheilg, fhás agus chócaráil – agus leis an tseanteanga a labhair ár muintir leis na cianta, agus leis an cheol a chas muid siar na glúine.

Táimid scartha ón fharraige agus ón talamh ar a mairimid.

Is beag ar fad an ceangal atá againn lenár bhfíorchultúr.

Tá an nasc idir muid féin agus na rudaí a choinníodh beo muid tráth briste: na nósanna a chruthaigh muid le bia a fháil agus a ithe, an bealach a rinne muid cumarsáid lena chéile, an dóigh ar theagasc muid ceachtanna don aos óg, an scéalaíocht agus go leor eile.

Tá an tír beagnach go hiomlán truaillithe ag bialanna Mhic Dhomhnaill, Starbucks, Tesco, agus eile.

Ní thiocfadh go bhfuil sé seo sláintiúil, agus tá mé cinnte de go bhfuil ár bhféiniúlacht agus ár gcultúr á ngoid uainn. Agus dá mhó a ghoidtear, is amhlaidh is lú ceangal a mhothaímid le chéile agus leo siúd thart orainn.

Evolution

Ní ithimid le chéile níos mó, mar a dhéanadh na Fianna tráth, thart ar an tine.

Bíonn an chosmhuintir i dtíortha san Áis agus san Afraic fós ag ithe le chéile, pota mór amháin sa lár acu.

Ach is bia gasta, scáileáin teilifíse, gutháin chliste – gan oiread is sreachfhéachaint ar clé ná ar dheis – na nua-nósanna s’againn.

Má théann tú amach go bialann nó pub i lár an bhaile na laethanta seo, bíonn cuid mhór lánúineacha sáite ina ngutháin phóca seachas a bheith sáite ina chéile.

Tá claonadh ionam aontú leis an dearcadh go bhfuil ceangal láidir idir cultúr, sean-nósanna agus sláinte mhaith aigne.

Nuair a bhíonn ceangal ag daoine lena gcultúr, tugtar seasamh, áit agus aitheantas ar leith dóibh.

Tuigtear gur cuid thábhachtach den phobal é achan duine – go bhfuil gá linn uilig, agus go bhfuil clann, cairde agus pobal thart orainn atá ag brath orainn agus a bhfuil grá acu dúinn.