Dá mbeadh mise i gceannas ar an gcóras sláinte…

Le mí, tá saoirse faighte agam ón seomra ranga agus bóthar tugtha dom isteach san ospidéal. 

Tá fuil tógtha agam, chuir mé tiúb síos i mbolg duine nach raibh in ann stopadh cur amach, choinnigh mé greim ar mháilín domlais do mháinlia agus é á bhaint amach as bean a bhí i bpian aige. Rinne mé scrúduithe, bhreathnaigh mé ar phiollairí agus thriail mé scríbhneoireacht na ndochtúirí a léamh ar chairteacha na n-othar. 

An ceacht ba mhó a d’fhoghlaim mé ná go raibh an ceacht sin ar eolas agam cheana féin. Go minic, an rud is mó a thabharfaidh faoiseamh d’othar, nó dá muintir, ná cluais éisteachta. 

Níl mac léinn leighis in ann mórán a dhéanamh i ndáiríre. Caithfidh dochtúir a bheith ag coinneáil súil orainn agus muid ag déanamh na jabanna (beidh tú breá buíoch é sin a chloisteáil) ach go minic bíonn an oiread sin cúraim orthu nach mbíonn an t-am acu an cineál sin múinteoireachta agus feitheoireachta a dhéanamh.

I ndáiríre, tá an té atá ag glanadh an urláir níos cáilithe ná mise lena gcuid oibre a dhéanamh.

Ach más rud amháin atá mé cáilithe go maith le déanamh, sin í an chaint. Tá mé iontach aige. Mar gheall ar an méid oibre atá le déanamh ag altraí agus ag dochtúirí agus baill foirne eile, níl an oiread ama acu le comhrá le hothair atá suite sa leaba astu féin.

Agus más tada é, is é an ceacht is mó atá foghlamtha agam le mí, ná chomh tábhachtach agus atá sé suí síos agus éisteacht le hothar. Cothaíonn sé caidreamh, agus faigheann tú amach blúiríní eolais a chuidíonn le dochtúirí. 

Is iontach an áis foghlama iad chomh maith. Le mí, d’inis othair, idir óg agus aosta, a gcuid scéalta dom, faoi na tinnis a d’fhulaing siad, thaispeáin siad marcanna agus áiteanna inár gearradh rudaí amach astu, d’inis siad dom faoi na rudaí a rinne siad agus iad óg, scéalta ón mbaile, an saol iontach nó an drochshaol a bhí acu, agus an t-imní a bhí ar go leor go gcuirfeadh an tinneas a bhí orthu as dá gcuid saoirse. 

Bhí faitíos ar sheandaoine go mbeadh orthu dul isteach i dtithe altranais mura mbeadh siad in ann siúl. Bhí roinnt a bhí drogallach faoin mbaile mar gheall gur astu féin a bheadh siad arís. Bhí othair eile a bhí faoi dheifir aisteach filleadh ar an obair le faitíos nach mbeadh an morgáiste íoctha faoi dheireadh na míosa. 

Tá an oiread sin imní ar dhaoine agus iad tinn, agus d’fhoghlaim mé gur minic nach mbaineann an t-imní sin leis an tinneas, mar in ainneoin na drochbhaile atá ar ár gcóras sláinte, tá muinín acu as na dochtúirí go gcneasófar iad nó go dtabharfar aire mhaith dóibh. 

Ach ní leigheasfaidh sé sin an t-uaigneas, ná an t-imní. Dá mbeadh mise i gceannas ar an gcóras sláinte, bheadh mé ag fostú ‘cairde’ sna hospidéil chomh maith, a chinnteodh go mbeadh cluais i gcónaí ag an té atá sa leaba. Nuair a bhíonn muid ag caint ar thinnis, déantar dearmad corruair go bhfuil duine go dona sa leaba, agus nach bhfuil uathu ach duine éigin a shuífeadh leo ar feadh scaithimh.